Dáil debates

Thursday, 18 April 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

10:10 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá suíomh an áitribh atá luaite ag an Teachta in úinéireacht Údarás na Gaeltachta ón mbliain 1998. Sa bhliain 2019, cheadaigh Fiontraíocht Éireann maoiniú de €2.16 milliún don obair thógála faoin gciste forbartha eacnamaíochta réigiúnach ar mhaithe le mol forbartha réigiúnach a lonnú ar an suíomh lena n-áirítear Gteic réigiúnach agus ionad fiontraíochta. Mar thoradh ar an maoiniú sin, cheadaigh bord an údaráis comh-mhaoiniú de €600,000 i mí Mhárta 2020.

Ina theannta sin, cheadaigh bord an údaráis €1 milliún ar mhaithe le hoibreacha ullmhúcháin a dhéanamh ar an suíomh i mí Márta 2021. Bhí an tsuim sin ar fad nach mór caite faoi dheireadh 2023.

Tá caiteachas caipitil de €1.2 milliún déanta ag Údarás na Gaeltachta ar an togra le cúig bliana anuas. Bhain formhór an chaiteachais sin - €960,000 - le hoibreacha réitithe suíomh. Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta gur obair dheartha, innealtóireachta agus comhairleoireachta a bhí i gceist leis an gcuid eile den chaiteachas. Níor mhiste a lua gur cheadaigh bord an údaráis soláthar caipitil de €200,000 í mí na Samhna 2018 ar mhaithe le dearthóirí a cheapadh don togra. Is le linn na blianta 2019 and 2020 a tharla an caiteachas don obair sin. Ní dhéanfar éileamh ar mhaoiniú caipitil Fiontraíocht Éireann go dtí go mbeidh an togra ag staid tógála.

Tá an fhorbairt bheartaithe ar scála suntasach agus d'fhág an t-ardú ar chostais a d'eascair go príomha as boilsciú agus riachtanais pleanála go mba ghá iarracht a dhéanamh in athuair teacht ar bhreis maoiniú seachtrach. Tháinig seo ar bharr na dúshláin a bhain le scóip na hoibre agus cúrsaí pleanála. Bunaíodh comhlacht faoi leith le tabhairt faoin bhforbairt agus fostaíodh bainisteoir forbartha. De réir Údarás na Gaeltachta, chuir sé seo leis an moill.

Tuigim go bhfuil iarratas nua ar mhaoiniú déanta ar an gciste um athghiniúint agus forbairt tuaithe ón 8 Feabhra 2024 agus táthar ag súil go mbeidh cinneadh déanta ina leith seo go luath. Tá cead pleanála don fhorbairt in áit agus tá an próiseas tairisceana curtha i gcrích, agus dá bhrí sin tá an obair thógála ullamh le tosú ach na foinsí maoinithe a bheith deimhnithe. Má éiríonn leis an iarratas ar mhaoiniú, táthar ag súil go mbeidh tús á chur leis na hoibreacha tógála sa tríú ráithe den bhliain seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.