Dáil debates
Wednesday, 13 December 2023
Royal Hibernian Academy (Amendment of Charter) Bill 2023: Committee and Remaining Stages
4:45 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mo bhuíochas leis na Teachtaí Ó Snodaigh agus Sherlock as ucht a bheith páirteach sa díospóireacht. Is ceisteanna do lá éigin eile iad na ceisteanna atá arduithe ag an Teachta Ó Snodaigh. Tá siad tromchúiseach. An ról faoi leith atá agamsa mar Leas-Cheann Comhairle ná an Bille a chur chun cinn os comhar na Dála inniu. Mo buíochas arís don oifig agus as ucht na nótaí a fuair mé. Ní raibh mise ar an eolas ach an oiread go raibh orm é seo a dhéanamh mar Leas-Cheann Comhairle ach is é sin an chaoi atá sé faoi láthair. Beidh deis eile againn é a phlé. Mo bhuíochas arís don Royal Hibernian Academy. Tá obair na gcapall déanta ag na baill ann agus tá a fhios agam go bhfuil sé an-tábhachtach dóibh go gcuirfí an Bille tríd an Dáil agus go mbeadh gach Ball aontaithe faoi.