Dáil debates

Thursday, 23 March 2023

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Oideachas trí Ghaeilge

11:00 am

Photo of Michael McNamaraMichael McNamara (Clare, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

57. To ask the Minister for Education and Skills cén dul chun cinn atá déanta chun Gaelcholáiste an Chláir neamspleách a fhorbairt in Inis; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14588/23]

Photo of Michael McNamaraMichael McNamara (Clare, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén dul chun cinn atá déanta ag an Aire agus ag a Roinn chun Gaelcholáiste an Chláir neamhspleách a fhorbairt in Inis?

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tabharfaidh mé an freagra seo idir Gaeilge agus Béarla. Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist thábhachtach seo maidir le Gaelcholáiste an Chláir in Inis. Tá comhfhreagras faighte ag mo Roinn ó phátrún Choláiste Phobail na hInse, Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir, ag lorg faomhadh don aonad Gaeilge sa choláiste phobail, ar a dtugtar Gaelcholáiste an Chláir, a aistriú ina Ghaelcholáiste neamhspleách.

Mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, tá tiomantas déanta ag mo Roinn deiseanna a chruthú chun oideachas trí mheán na Gaeilge a leathnú lasmuigh den Ghaeltacht. This is in the context of the announcement of the establishment of 47 new schools from 2019, which affords particular consideration to the establishment of Gaelscoileanna, Gaelcholáistí and aonaid lán-Ghaeilge as part of the patronage process for new schools. Most new post-primary schools must have a student enrolment capacity of 600 to 1,000 students. A lower threshold of 400 students may apply to Gaelcholáistí, having regard to the alternative of establishing an Irish-medium unit or aonad in an English-medium school. This is a potential outcome from the patronage process for new schools established to cater for demographic need. It is also possible for any post-primary school patron to contact the Department to explore the establishment of an aonad in an existing school.

As the Deputy may be aware, work on the development of a new policy for Irish-medium education outside of the Gaeltacht is now well under way in the Department. The policy on Irish-medium education outside of the Gaeltacht is part of the overall framework of the 20-year strategy for the Irish language and builds on the achievement of the policy on Gaeltacht education for 2017 to 2022. Included among the key objectives of the policy are the development of a clear policy on the establishment and sustainability of aonaid or sruthanna in existing English-medium post-primary schools to strengthen Irish-medium education provision and the exploration of how opportunities for the establishment of Gaelscoileanna and Gaelcholáistí can be increased as part of the patronage process.

A public consultation process was launched in October 2022 to gather the views of stakeholders including young people, parents, education professionals, education stakeholders and Irish-language organisations. The first phase of this consultation, which included an online questionnaire and a call for written submissions, concluded on 30 January 2023.

Photo of Michael McNamaraMichael McNamara (Clare, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bunaíodh Gaelcholáiste an Chláir mar aonad lán-Ghaeilge taobh istigh de Choláiste Phobail na hInse in 1993. Níl a leithéid de rud agus aonad lán-Ghaeilge ann i ndáiríre. Is aonad í Gaelcholáiste an Chláir atá nasctha le Coláiste Phobail na hInse, an mháthairscoil, faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir. Tá tosaíocht lán-Ghaeilge in ainm is a bheith ag an aonad agus soláthraíonn sé oideachas iar-bhunscoile trí mheán na Gaeilge a oiread agus is féidir leis taobh istigh de thimpeallacht Bhéarla na máthairscoile. Is í Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg an scoil is mó a sholáthraíonn daltaí do Ghaelcholáiste an Chláir. Ó 2005, tá an Ghaelscoil, an bhunscoil lán-Ghaeilge atá ag an mbaile, tar éis méadú ó 200 dalta go dtí 470 dalta. Freastalaíonn 100 dalta ar naíonraí lán-Ghaeilge gach bliain i líonra na hInse amháin. Seasann an ráta aistrithe ó Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg go dtí an t-aonad ag idir 50% agus 70% sa bhliain.

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim na pointí atá á ndéanamh ag an Teachta agus an obair atá ar siúl in Inis chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú. Thug mé cuairt ar Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg so tá an obair atá ar siúl ar fud na háite in Inis ar eolas agam. Faoi mar a dúirt mé, táimid ag obair ar pholasaí nua chun aonaid, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a chur chun cinn agus a neartú. Is é an rud is tábhachtaí ná iad go léir a neartú. Coimeádfaimid ceist Ghaelcholáiste an Chláir faoi athbhreithniú. Is é sin an méid atá le rá agam ag an bpointe seo toisc go bhfuil an polasaí sin á fhorbairt againn.

Photo of Michael McNamaraMichael McNamara (Clare, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní léir go dtuigeann an Roinn Oideachais an méid oibre atá á dhéanamh ag na daltaí agus tuismitheoirí in Inis. I mbeagán focal, is scannal amach agus amach é nach bhfuil freagra faighte ón Roinn ar an iarratas neamhspleáchais a sheol an patrún, Bord Oideachais agus Oiliúna Luimnigh agus an Chláir, chuici breis agus dhá bhliain ó shin. Is náire é go bhfuil pobal Chontae an Chláir fós ag fanacht ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge neamhspleách tar éis 30 bliain. Tá breis agus 20 iar-bhunscoil Bhéarla i gContae an Chláir agus tá géarchéim rollacháin in Inis faoi láthair. Níl a oiread is ceann amháin de na hiar-bhunscoileanna seo lán-Ghaeilge chun freastal ar bhreis agus 600 dalta atá ag freastal ar Ghaelscoileanna tríd an gcontae. Tá deireadh foighne sroichte ag tuismitheoirí agus scoláirí agus iad ag fanacht le gníomh ón Roinn Oideachais.

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim féin agus tuigeann an Roinn cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge. Táimid ag déanamh gach iarracht gach tacaíocht a thabhairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú. Faoi mar a dúirt mé, tuigim féin agus tuigeann an Roinn an méid atá ar siúl in Inis. Tuigim an obair atá ar siúl ag na daltaí, ag na tuistí agus ag foireann na scoile ó thaobh na Gaeilge de. Ag an am céanna, faoi mar a dúirt mé, ag an bpointe seo táimid ag obair ar pholasaí nua ó thaobh neartú agus chur chun cinn na nGaelscoileanna, na n-aonad agus na nGaelcholáistí. Go dtí go bhfuil sé sin críochnaithe, is é sin an méid atá le rá agam. Táim sásta an cheist seo faoi Ghaelcholáiste an Chláir a choimeád faoi athbhreithniú.