Dáil debates
Wednesday, 9 May 2018
Priority Questions
Pleanáil Teanga
5:05 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
21. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgead atá caite ar an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht gach bliain ó 2011; cé mhéad atá caite go dáta i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20205/18]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
In ainneoin go ndúirt an tAire liom ar an 24 Aibreán seo caite go raibh rud éigin ar nós €2.7 milliún ceadaithe don phleanáil teanga, is léir ó eolas atá curtha amach ag Údarás na Gaeltachta nár chaitheadh ach €644,000 ar an bpleanáil teanga idir 2011 agus 2017, agus go raibh an caiteachas ar fad eile ag baint le rudaí eile a bhí ann ariamh. An féidir leis an Aire Stáit a dheimhniú gurb é €644,000 a bhí i gceist sa bhliain 2017? Cé mhéad a chaithfear ar phleanáil teanga in 2018?
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a bhfuil an próiseas pleanála teanga mar chuid lárnach de, bunaíodh ciste faoi leith in 2014. Baineadh leas as an gciste seo ó 2014 i leith chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú an phróisis pleanála teanga - ar cuireadh tús lena fheidhmiú ar an talamh an bhliain sin, chomh maith le maoiniú a dhéanamh ar raon de thograí, bearta agus tionscnaimh faoi leith mar thaca breise d’fheidhmiú na straitéise agus don phróiseas pleanála teanga, dá réir. Ós rud é go bhfuil an próiseas pleanála teanga mar chuid lárnach d'fheidhmiú na straitéise, ba ghá féachadh chuige, i gcomhthéacs an chúraim atá sannta dóibh faoin bpróiseas, gur cuireadh maoiniú a dhóthain ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge araon chun a chinntiú go mbeadh sé curtha ar a gcumas tacú mar ba ghá le hullmhúchán pleananna sna limistéir pleanála teanga Gaeltachta, sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeilge de réir mar a bhain sé leo faoi seach thar an tréimhse. Leagtar amach sa tábla a leanas an cionnroinnt den chiste iomlán a caitheadh go sonrach ar an bpróiseas thar an tréimhse 2014 go 2017:
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déanfaidh mé iarracht déanamh suas don am atá caillte. Tá ceist an-simplí agam don Aire Stáit. An ndeimhneoidh sé dom gur caitheadh €644,153 ar ullmhú pleananna teanga suas go deireadh na bliana 2017? Tuigim nár caitheadh oiread is cent rua amháin ar feidhmiú na bpleananna teanga sa tréimhse sin.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní raibh dóthain ama agam níos luaithe chun an gceist a fhreagairt ina iomláine. Tuigim an cheist atá curtha ag an Teachta. Baineann sé leis an airgead a bhí ag teacht isteach le haghaidh pleanáil teanga. Bhí ceist eile aige ag an tús maidir leis an airgead atá á chaitheamh i mbliana.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tiocfaidh mé ar ais go dtí ceist na bliana 2018 mar cheist fhorlíontach. Iarraim ar an Aire Stáit an cheist shimplí atá curtha agam a fhreagairt.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go dtí 2017-----
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl na ceisteanna á fhreagairt, a Cheann Comhairle. Tá cumhacht agat freagraí a lorg.
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá. Tabharfaimid deis don Aire Stáit ar dtús.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá freagra tugtha agam maidir leis an mhéid airgid a cuireadh ar fáil idir 2014 agus 2017 agus an leibhéal éilimh a bhí ann idir Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níor fhreagair an tAire Stáit an cheist.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá soiléireacht ann anois i dtaobh an airgid ar fad - achan pingin - a théann isteach sna ceantair Gaeltachta. Tá reachtaíocht na bliana 2012 i gceist. I gceantar an Teachta, mar shampla-----
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
A Cheann Comhairle, níl an cheist á fhreagairt.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá na hionaid clúdaithe sa phleanáil teanga fosta.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
A Cheann Comhairle-----
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Beidh seans agat, a Theachta.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Beidh an t-am úsáidte.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Dá mbeadh an t-éileamh i gceist, bheadh airgead ann le haghaidh achan iarratas.
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl aon éileamh-----
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bheadh an t-airgead ar fáil ó Údarás na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge.
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sa tír seo-----
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Sa bhliain 2018, beidh an t-airgead ar fáil - achan pingin - le haghaidh achan iarratas a thiocfaidh isteach ó Fhoras na Gaeilge agus ó Údarás na Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm na pleananna teanga.
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá deis ag an Teachta Ó Cuív a cheist a shoiléiriú.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní hea. Is í an fhadhb atá ann ná go mbíonn an tAire Stáit ag meilt ama gach uair a bhíonn ceisteanna againn. Freagraíonn sé gach ceist ach amháin an cheist a cuirtear air. Chuir mé ceist an-simplí. Cuirfidh mé dhá cheist an-simplí anois. Tá freagraí á lorg agam. Cé mhéad a caitheadh ag ullmhú na pleananna teanga ó 2011 go 2017?
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Thug mé freagra ar an gceist sin.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An féidir leis an Aire Stáit a dheimhniú gurb é €644,153 an figiúr ceart?
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Thug mé freagra don Teachta.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar dara chuid den cheist sin, cé mhéad a chaitheadh ar fheidhmiú na bpleananna? De réir mar a thuigim, agus tá mé ag iarraidh deimhniú a fháil ar seo, níor caitheadh aon airgead ar na pleananna a chur i bhfeidhm sa tréimhse sin. Níl le déanamh ag an Aire Stáit ach a rá go bhfuil an ceart agam nó nach bhfuil. Mar cheist fhorlíontach, cé mhéad atá leagtha amach le caitheamh ar ullmhú na bpleananna teanga sa bhliain 2018? Cé mhéad atá leagtha amach, nó curtha ar fáil, le haghaidh feidhmiú na bpleananna teanga sa bhliain 2018? Ní thógfadh sé leath-nóiméad an dá cheist an-simplí sin a fhreagairt.
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an cheist soiléir.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé soiléir. Tosóidh mé leis an dara cheist. Beidh €2.65 milliún ar fáil in 2018 fá choinne plean a ullmhú agus a chur i bhfeidhm. Tá an dá rud - ullmhú agus cur i bhfeidhm - i gceist anseo.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
No, tá rudaí eile i gceist anseo.
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá airgead ar fáil ó 2014 le haghaidh pleananna a ullmhú fá choinne na bailte seirbhíse Gaeltachta, na líonraí agus na limistéir pleanála Gaeltachta. Tá Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge freagrach as na pleananna teanga. Fuair Údarás na Gaeltachta €200,000 in 2014, €259,000 in 2015, €340,000 in 2016 agus €735,000 in 2017. Fuair Foras na Gaeilge €81 milliún in 2017.
5:15 pm
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé sin go breá, a Aire. Nóiméad amháin. Is í an cheist, cé mhéad a caitheadh ar ullmhúchán na bpleananna agus cé mhéad, cén ollfhigiúr a caitheadh-----
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim an cheist, mar tá an méid fite fuaite idir na bpleananna ullmmhúcháin agus na bpleananna chur i bhfeidhm agus in 2018, na dreamanna a bheidh i gceist, mar shampla, Cois Farraige, na ceantair Ghaoth Dobhair, Rinn na Feirste nó Gort an Choirce nó Cloich Chionnaola, beidh suas le €2.65 milliún i gceist fa choinne na rudaí ullmhúcháin agus chur i bhfeidhm. Dá mbeadh sonraí de dhíth idir an dá fhigiúr, bheinn sásta iad sin a chur ar aghaidh, tiocfaifdh mé ar ais leis sin, beidh me sásta é sin a dhéanamh.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá rudaí eile i gceist, tá €2.65 milliún seachas ullmhú na bpleananna agus feidhmiú na bpleananna. Cuidíodh go maith agus thug Udarás na Gaeltachta an briseadh síos a bhí ag teastáil le gairid d'iriseoir, ach níl an tAire in ann iad a thabhairt domsa sa Dáil inniu. Is é sin mar a dúirt mé, dúirt siadsan -mar a dúirt an tAire atá ag láimhseail an t-airgead - nár caitheadh ach €644,000 agus nár caitheadh-----
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabh mo leithscéal, a Theachta tá an cheist pléite. Ma tá éinne anseo míshásta, scríobh chugam agus déanfaidh mé iarracht iniúchadh a dhéaamh ar an scéal agus rachaidh mé ar ais i dteagmháil leis an Aire. An chéad cheist eile, tagann an chéad cheist eile ón Teachta Paul Murphy, Question 22, Deputy Paul Murphy.