Dáil debates

Thursday, 12 March 2015

Road Traffic (Amendment) (No. 2) Bill 2015: First Stage

 

1:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I move:

That leave be granted to introduce a Bill entitled an Act to amend the Road Traffic Act 1961 to provide for dual language road signs and related matters.
Tá práinn uafásach ag titim amach os ár gcomhair maidir leis an teanga. Níl ach 1,000 páiste le Gaeilge ón gcliabhán sa Ghaeltacht ag freastal ar scoileanna lán Gaeilge. Ciallaíonn sin nach bhfuil ach dream beag páiste ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht. De réir An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht i 2007, ní raibh ach 20 bliain fágtha ag an Ghaeilge mar teanga phobail sa Gaeltacht. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach 12 bliain fágtha ag an Ghaeilge mar teanga phobail inniu. Tar éis 2,500 bliain, tá an cosúileacht  ann gur muidne an glúin dheireanach le Gaeilge mar teanga phobail. Is práinn uafásach mór í seo. Cinnte, tá borradh tar éis teacht ar an nGaeilge i gcúpla earnáil eile sa tír, mar shampla, leis na Gaelscoileanna, ach ní hionann páiste ag freastal ar Ghaelscoil agus Gaeltacht bheo, agus níl an Rialtas sásta fiú éileamh na Gaelscolaíochta a chomhlíonadh.

Is iomaí cúis atá leis an meath agus níl an locht iomlán ar an Rialtas. Caithfidh daoine a bheith sásta an Ghaeilge a roghnú in a saol agus ina clanna. Ach leis an fhírinne a rá, tá polasaí an Rialtais ag ísliú stádas an teanga bliain i ndiaidh bliana. Tóg mar shampla an cinneadh a dhein an Taoiseach agus é ag roghnú Aire don Roinn ar a bhfuil freagracht don Ghaeilge.

Níor roghnaigh sé Aire le Gaeilge mar Aire sinsearach nó mar Aire Stáit. Ní raibh an Rialtas sásta fáil réidh leis an maolú teanga san Eoraip. Scrios an Rialtas scéim labhairt na Gaeilge agus chuir sé scéim na "lucky bags" ina áit. Scrios an Rialtas an daonlathas a bhí in Údarás na Gaeltachta agus scrios sé buiséad an údaráis freisin. Níl faic déanta. Bhuail mise agus an Seandóir Ó Clochartaigh leis an iar-Aire Gaeltachta trí bliana ó shin i dtaobh an togra, Líofa, agus níl faic déanta maidir le sin ó shin.

Tóg mar shampla an méid a dúirt Seán o Cuirreáin, an t-iar Coimisinéir Teanga a d’éirighas a phost de bharr an uafáis a bhí air mar gheall ar imeallú na Gaeilge sa tír seo. Níl a fhios agam an bhfuil aon choimisinéir, sa tír seo ná in aon tír eile, a raibh air éirí as a phost de bharr géarchéime mar seo. Le ceithre bliana anuas, tá Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre tar éis beagnach gach tacaíocht a bhí ag an Ghaeltacht a scrios. Nuair a thógtar gach rud san áireamh, is léir gur ceann de na rudaí is mó a bheidh mar oidreacht ag an Rialtas seo ná ísliú stádais an teanga. 

Tugann an Bille seo deis don Rialtas rud dearfach a dhéanamh ar son na teanga, rud éigin atá saor in aisce agus nach bhfuil costais ar bith ag baint leis. Séard atá i gceist anseo ná comhionannas a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóithre thar timpeall na tíre. Ní rud nua é seo. In iomlán na dtíortha dhátheangacha úsáidtear comharthaí bóithre ar a bhfuil na focail clóite sa dá theanga ar an mhéid chéanna. Feicimid sin san Fhionlainn, sa Bhreatan Bheag, in Alban, sa Bheilg agus i gCeanada. Aimsíonn muid na comharthaí céanna fiú in aerfoirt na dtíortha sin. Ní thógann tiománaithe sna tíortha sin an treo mícheart dá bharr agus ní tharlaíonn timpistí dá bharr. An rud a tharlaíonn sna tíortha sin ná tugann an polasaí seo comhionannas don dá chultúr. Freisin, cé go bhfuil na comharthaí céanna in aerfoirt na dtíortha seo, ní bhíonn daoine déanach dá eitiltí agus ní théann siad ar strae. Ní thuirlingíonn siad i New Delhi in ionad New York.

Thug an t-iar Aire Iompair, an Teachta Varadkar, tacaíocht don prionsabal seo agus bhí sé chun scéim phíolótach a chuir I bhfeidhm. Dúirt se gur ceart go mbeadh comhionannas idir an dá theanga, go háirithe maidir le rudaí atá sofheicthe do gach duine. Mar sin, tá a fhios againn go bhfuil daoine sa Rialtas oscailte don smaoineamh seo. Iarraim go láidir ar an Aire breathnú ar an mBille seo agus ar an deis atá ann. Breathnaigh air le súile dearfacha agus le haigne oscailte. Iarraim air a chuid fuinnimh a chur taobh thiar den Bhille agus oidhreacht dhearfach a fhágaint ina dhiaidh.

1:10 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is the Bill being opposed?

Photo of Frances FitzgeraldFrances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

No.

Question put and agreed to.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Since this is a Private Members' Bill, Second Stage must, under Standing Orders, be taken in Private Members' time.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim: "Go dtógfar an Bille in am Comhaltaí Príobháideacha."

Question put and agreed to.