Dáil debates

Wednesday, 29 January 2014

10:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

8. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige cúnamh a chur ar fáil le hathchóiriú a dhéanamh ar chéibheanna Gaeltachta agus oileánda a ndearnadh scrios orthu sna stoirmeacha a bhí ann le gairid; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3950/14]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Aire Stáit, rinne na stoirmeacha a tharla cúpla seachtain ó shin an-dochar do bhóithre agus do chéibheanna beaga, go leor acu nach bhfuil faoi chúram na comhairlí contae. Rinneadh obair athchóirithe cheana, mar shampla i nGaoth Dobhair, faoi scéim na mbóithre áise agus scéim na gcéibheanna beaga. An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit airgead a chur ar fáil do bhóithre áise, mar a thugtar orthu, agus do chéibheanna beaga as ciste na Roinne i mbliana mar gheall ar an damáiste a rinne na stoirmeacha?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tagann na céanna áitiúla faoi chúram na n-údarás áitiúil ábhartha agus is fúthu atá sé pé damáiste atá déanta dóibh a chur i gceart. Maidir le céanna oileánda go bhfuiltear ag brath orthu ó thaobh cúrsaí rochtana de, táthar ag súil go n-áireofar iad sin in aon phacáiste a bheidh ar fáil chun cuidiú leis an infreastruchtúr riachtanach a chur i gceart arís tar éis na stoirmeacha.

Sa chomhthéacs sin, cuireadh tuairisc eatramhach maidir leis an damáiste stoirme faoi bhráid an Rialtais le gairid. Tá mo Roinn, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus áisíneachtaí eile, tar éis measúnú a dhéanamh ar an dochar atá déanta ar na hoileáin. Ní miste dom a lua go bhfuil scríofa agam chuig an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus chuig an Aire Stáit ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun aird ar leith a dhíriú ar an damáiste atá déanta ar na hoileáin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist bheag fhorlíontach agam. An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit - déanfaidh freagra "Tá" nó "Níl" cúis - airgead a chur ar fáil do bhóithre áise agus céanna nach céanna chomhairle contae iad as ciste na Roinne de bharr an dochar a rinne na stoirmeacha i mbliana?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi láthair, mar atá a fhios ag an Teachta, níl aon airgead breise curtha ar fáil ag mo Roinn do a leithéid sin de scéim. Sin ráite, tá scrúdú déanta ag oifigigh na Roinne ar chuid den damáiste atá déanta ag na stoirmeacha ar na hoileáin agus ar na cladaí atá luaite ag an Teachta. Bhí oifigeach sinsearach, innealtóir, ón Roinn amuigh ansin, fiú sular ndeachaigh éinne amach ón rialtas áitiúil. Bhí siad ansin i gcomhairle le chéile, tá tuairisc eatramhach curtha ar fáil agus cuirfear tuairisc chríochnúil ar fáil. Mar Aire Stáit, táim tiomanta ar ghach rud gur féidir a dhéanamh chun rudaí a chur i gceart ar na hoileáin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Céard faoin mhórthír?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní shílim go ndéanann sé aon difríocht cad as a thagann an t-airgead, fad agus go ndéantar an obair. Ag an pointe seo, níl aon chinneadh déanta maidir leis na hoileáin nó aon chósta ar fud an iarthair a tharla dochar dóibh. Nuair a bheidh socrú déanta, áfach, agus más rud é go gcuirtear pacáiste tarrthála ar fáil, tá teagbháil déanta agam leis na hAirí eile, trí scríobh agus trí cruinnithe, go gcaithfear amharc i ndiaidh riachtanais na n-oileán chomh maith.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid ag caint ar an nGaeltacht agus ar na hoileáin. An bhféadfadh an tAire Stáit a rá an bhfuil sé, nó an tAire sinsearach lena thaobh, tar éis iarratas a dhéanamh ar airgead leis an obair seo a dhéanamh, tá nó níl?

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá a fhios ag an Aire Stáit, bhí an-damáiste déanta ar fud Chonamara ag tús na bliana sna stoirmeacha móra. Chonaic mé an damáiste sin in Inis Oírr, Inis Mór agus Inis Bó Finne, agus teastaíonn a lán airgid chun na fadhbanna sin a dheisiú. Tá a fhios agam go dteastaíonn cúnamh ón Rialtas agus tuigim go raibh an tAire Stáit ag caint le hAirí eile, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Teachta Coveney, an tAire Chomhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, an Teachta Hogan, agus an tAire Airgeadais, an Teachta Noonan, faoi seo.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar adúirt mé, táimid go léir i dteagmháil le chéile, chomh maith leis an Aire Stáit ar Oifig na nOibreacha Poiblí, a bhfuil cúraimí orthu chomh maith, agus na comhairlí contae, ag iarraidh a theacht ar réiteach. Táimid ag fanacht go bhfeicfimid an mbeidh pacáiste curtha ar fáil. Más rud é go mbeidh, tá sé curtha in iúl ag mo Roinn do na Ranna eile an géarghá atá le hoibreacha a chur ar bun sna hoileáin chun an dochar a rinneadh a chur i gceart. Ní thig liomsa a rá ag an pointe seo go bhfuil aon airgead speisialta ag mo Roinn, ach táimid ag déanamh gach iarracht teacht ar airgead ar chuma éigin faoi choinne tabhairt faoi na deacraíochtaí a chóiriú agus a réiteach.

Tuigim, agus tá oileáin i mo cheantair féin, nach bhfuair muide an stoirm chéanna agus a fuair siad in iarthar nó deisceart na tíre, ach tharla rudaí agus tuigim an géarghá atá le seo. Tharla stoirm mhór i dTír Chonaill roinnt bliain ó shin agus rinneadh roinnt damáiste, ach de réir a chéile tá an obair á dhéanamh, cé go bhfuil cuid den obair ag glacadh tamaill. Tógfaidh sé am tabhairt faoin obair. Tá tuarisc eatramhach isteach agus cuirfear an phríomh thuairisc ar fáil agus feicfimid céard iad na cinntí a thiocfaidh as sin. Tá gach iarracht á dhéanamh freastal ar riachtanais na n-oileán agus ná bíodh aon dabht ar an Teachta faoi sin.