Dáil debates

Tuesday, 18 October 2011

Other Questions

Stratéis Fiche Bliain don Ghaeilge

3:00 pm

Photo of John McGuinnessJohn McGuinness (Carlow-Kilkenny, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 47: To ask the an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta aige maidir le straitéis na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29846/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar thoradh ar chinntí polasaí faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a thóg an Rialtas ar 31 Bealtaine 2011, tá na cinn don Bhille Gaeltachta a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo, de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn. Táthar ag súil na dréacht chinn a chur faoi bhráid an Rialtais go luath sa chaoi is go bhfoilseofar an Bille Gaeltachta in 2012, i gcomhréir le clár reachtaíochta an Rialtais.

Tá aonad straitéise bunaithe i mo Roinn atá freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise a threorú. Tá plean forfheidhmithe trí bliana mo Roinne maidir le cur i bhfeidhm na straitéise á ullmhú san am i láthair. Os rud é go bhfuil iliomad páirtithe leasmhara luaite faoin straitéis 20 bliain, tá sé i gceist ag mo Roinn dul i ndáil chomhairle leis na príomhpháirtithe leasmhara maidir leis an bplean forfheidhmithe sa chaoi is go mbeifear in ann é a fhoilsiú go luath.

Tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag an aonad straitéise i mo Roinn chun dlús a chur le forfheidhmiú na straitéise: grúpa oibre idir oifigigh i mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna, atá ag díriú ar chur i bhfeidhm na straitéise i réimse gnímh an oideachais, ag tógáil san áireamh na laincisí ar acmhainní i láthair na huaire; grúpa oibre idir oifigigh i mo Roinn, in Údarás na Gaeltachta agus i bhForas na Gaeilge, atá dírithe ar idirdhealú a dhéanamh idir na feidhmeanna ar leith atá á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí sin sa chaoi is gur féidir a chinntiú go mbeidh cur chuige éifeachtach ann agus go mbeidh an luach is fearr ar airgead ag an Státchiste; agus grúpa oibre idir oifigigh i mo Roinn, sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus sa Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta, atá dírithe ar na bealaí is éifeachtaí chun infheistíocht fiontraíochta a chinntiú don Ghaeltacht.

Is mar thoradh ar an athbhreithniú cuimsitheach caiteachais atá ar siúl faoi stiúir na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar chaiteachas an Stáit agus i gcomhthéacs an phróisis meastachán a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an soláthar a bheidh ar fáil i ndáil le cur i bhfeidhm na straitéise in 2012.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá cúpla ceist agam. An féidir leis an Aire Stáit a rá liom cé mhéid airgid atá i gceist? An bhfuil sé chun an plean a fhoilsiú agus an gcuirfear an straitéis i bhfeidhm go hiomlán?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar a luaigh mé i mo fhreagra, tá an t-athbhreithniú cuimsitheach caiteachais ar siúl i láthair na huaire. Níl sé críochnaithe go fóill, ach tá súil agam go mbeidh sé críochnaithe gan mhoill, taobh istigh de roinnt seachtainí. Beidh eolas níos cruinne againn ansin ar an méid acmhainní a bheidh ar fáil do cur chun cinn agus cur i bhfeidhm na straitéise, chomh maith leis an méid a bheidh ar fáil do gach Roinn eile leis an fhírinne a rá. Ag an pointe seo, tá súil agam agus tá dóchas agam, mar go bhfuil sé mar aidhm ag an Rialtas an straitéis a chur i bhfeidhm chomh mór agus is féidir, go mbeidh na hacmhainní ansin le é a dhéanamh.

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ceart go leor.