Dáil debates

Wednesday, 13 April 2011

Adjournment Debate

Scéimeanna Uisce agus Séarachais

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stáit as ucht teacht isteach sa Teach anocht. Tá súil agam go dtabharfaidh sé eolas an dáta dom faoin gceist seo. Is scéal fada é scéal uisce na Ceathrú Rua. Bhí truailliú ann blianta fada ó shin. Réitíodh an fhadhb sin nuair a cuireadh scéim nua séarachais isteach sa gCeathrú Rua, scéim atá fós le críochnú. Bhí contúirt ann go dtarlódh truailliú eile agus tharla sé sin le gairid nuair a sceith ola isteach san abhann agus isteach i Loch an Mhuilinn. Ag éirí as sin, tá gá le scrudú a dhéanamh cén fáth gur thóg sé chomh fada ón am a deir muintir na háite gur dhúirt siad leis an gcomhairle condae go raibh an fhadhb seo ann agus an t-am a dúirt an comhairle condae leis an bpobal nach ceart an uisce a úsáid. Tá sé fíor-thábhachtach go mbunóimid dea-chaidreamh arís idir an comhairle condae agus an pobal agus go bhfaighimid amach go díreach céard a tharla i gcaitheamh an ama sin.

An mhaidin a tharla an truailliú ní raibh urlabhraí ar fáil ó Chomhairle Chondae na Gaillimhe ar Raidio na Gaeltachta le míniú don phobal céard a bhí tarlaithe agus cén contúirt a bhain leis, nó nár bhain leis, dóibh siúd a d'úsáid an t-uisce, sula bhfuair siad an foláireamh. Ba é an trua é nach raibh an comhairle condae in ann urlabhraí a chur ar fáil don raidió an mhaidin sin. Tá súil agam anois nach fada go mbeidh sé sábhailte uisce na Ceathrú Rua a úsaid.

I rith mo thréimhse mar Aire Chomhshaoil, agus ní raibh mé ann ach scaitheamh an-ghearr, thóg mé an cheist leis an Roinn faoi cén fáth go dtógann sé an oiread sin ama ón am go gceaptar go mba cheart dul ar aghaidh le scéim uisce go dtí go dtógtar an scéim. Le fada an lá, ní raibh mé sásta go dtógann sé an oiread sin ama agus go mbíonn an oireadh sin céimeanna i gceist le scéim uisce a chur chun cinn.

I gcás scéim uisce na Ceathrú Rua, tá an scéim ag dul ar aghaidh leis na cianta. Bhí sé cosúil le ping-pong go minic, an chaoi a raibh na cáipéisí ag dul suas agus anuas idir an comhairle condae agus an Roinn. Níl mé ag cur locht ar an Aire Stáit mar tuigim go maith nach raibh sé sa Roinn, ach impím air féin agus ar an Aire díriú ar an gceist sin. I rith an achair an-ghearr a raibh mé sa Roinn, níor thuig mé ó thalamh an domhain cén fáth go gcaithfeadh innealtóirí a chuaigh ar an hollscoileanna céanna a bheith ag scrúdú obair a chéile. Feictear dom go mbeadh sé i bhfad ní b'fhearr dá dtabharfaí airgead dos na comhairlí condaethe, ar a laghad leis na scéimeanna measartha beaga a dhéanamh, seachas an chaoi a bhfuiltear ag oibriú i láthair na huaire.

Níl aon amhras ná gurb é an t-aon réiteach atá ar fhadhb an uisce, ní hamháin ar an gCeathrú Rua ach i gceantar na n-oileán agus i gCamus, Leitir Mucu agus an taobh sin ar fad, ná scéim uisce réigiúnach Chasla. Is é sin, an t-uisce a thógáil ó Loch Ghleannach Muireann atá thuas ins na cnoic in aice le Seanadh Phéistín. Ansin, bheadh uisce glan ann sa bhfad-téarm. Níl sé feiliúnach a bheith ag braith ar Loch an Mhuilinn mar tá an loch sin an-ghar do thithe i gceantair atá forbaithe go mór, agus beidh sé i gcontúirt i gcónaí. Tá an rud céanna fíor faoi na foinsí uisce i gceantar na n-oileán. Níl siad feiliúnach ach oiread. Tá i bhfad an iomarca contúirt ann má táthar ag braith ar locha beaga mar fhoinse uisce, go mórmhór locha beaga atá an-ghar do thithe.

Nuair a bhí mé mar Aire chuir mé tuairisc leis an Roinn faoi dul chun cinn na scéime seo. Dúradh liom ag an am go raibh costas measta ar an sceim de thart ar €15.3 milliún agus go mbeidh an t-uisce ag teacht as Loch Ghleannach Muireann. Dúradh liom freisin go raibh an Bord Pleanala tar éis cead a thabhairt don EIS, le coinníollacha daingean. Bhí seo thar a bheith tábhachtach mar cé go raibh siad daingean ba choinníolacha iad gur féidir glacadh leo. Dúradh freisin ag an am go raibh an tuarascáil EIS, maraon le na doicimeidi conartha, á scrudu ag an Roinn i gComhairle le Comhairle Condae na Gaillimhe, go raibh an cás á phlé agus go mbeadh cinneadh ar an scéim i mí a Bealtaine, nach bhfuil uainn ach coicís.

Bheinn buíoch dá bhféadfadh an tAire deimhniú go gcloífear leis an scála ama seo agus go dtabharfar an cead dul ar aghaidh. Bheinn níos buíoch fós dá ndéarfadh sé cén dáta a bhéas an cead á thabhairt. Bheinn buíoch freisin dá bhféadfadh sé a dheimhniú go mbeidh an t-airgead ar fáil le dul ar aghaidh láithreach don scéim agus leis na tairiscintí a lorg agus an scéim a thógáil. Bheinn an-bhuíoch freisin dá bhféadfadh sé a rá liom cén buille faoi thuairim atá ann anois faoi cén uair a bhféadfadh an scéim a bheith tógtha agus ag feidhmiú.

Ar deireadh, ó tharla go mbeidh an t-uisce ag teacht ó Ghleannach Mhuireann tá súil agam go ndéanfar cinnte go cuirfear uisce ar fáil do mhuintir Bhaile Ghleannach Muireann, ó tharla go bhfuil daoine ar an mbaile sin nach bhfuil soláthar sásúil uisce acu. Má tá an t-uisce á thógáil sa ghleann ins na cnoic, ba cheart go mbeadh buntáiste beag ag muintir na gcnoc as an uisce, chomh maith leis na ceantair maguaird agus Conamara fré chéile.

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív as ucht an deis seo a thabhairt dom an cheist thábhachtach seo a fhreagairt. I ndiaidh na díospóireachta seo, beidh mé ag caint leis an Roinn ionas go mbeimid ag gabháil amárach leis na ceisteanna bunúsacha atá curtha faoi bhráid na Dála anocht ag an Teachta agus nach bhfuil freagraí iomlán dóibh sa théacs atá agam.

Tá raon cuimsitheach de bhonneagar na seirbhisí uisce nua ceadaithe do Chontae na Gaillimhe foilsithe i gcáipéis na Roinne, Seirbhísí Uisce Clár Infheistíochta 2010-2012. Tá cóip de ar fáil i Leabharlann an Oireachtais. Is é luach iomlán na gconartha atá ar bun faoi láthair agus iad siúd atá molta le linn tréimhse an chláir i gContae na Gaillimhe ná €130 milliun. Tá scéim soláthair uisce réigiúnach Chasla - Costello san áirearnh sa chlár do 2010-2012. Ta an tionscadal, faoina dtabharfaidh an chomhairle ar fáil fearas nua coiréala uisce agus uasghrádú gréasan forleathan dáilte ar chostas measta de €15.3 milliún, i measc an liosta de na conarthaí sa chontae a churfear chun cinn le haghaidh togála faoi deireadh 2012. Is soiléir go mbeidh sé críochnaithe, le chúnamh Dé, roimh deireadh 2012.

D'fhormheas an Bord Pleanála an EIS don scéim Chasla - Costello le coinníollacha. Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe cóip den EIS faoi bhráid an Roinn i mí Dheireadh Fómhair seo caite, maraon lena thuarascáil ar na coinníollacha EIS. Tá an Roinn Comhshaoil, Oidhreacht agus Rialtais Áitiúil ag déanamh scrúdú ar an tuarascáil seo faoi láthair i gcomhar le cáipéisí conartha na comhairle le haghaidh na scéime. Tabharfaidh mé an chuid eile den fhreagra i mBéarla toisc nach bhfuil sé agam i nGaeilge. Gabh mo leithscéal faoi sin.

In regard to the leaking of heating oil from a property in Carraroe, Galway County Council has established the source of the oil leak and has taken steps to minimise the leak. These include liaising with the property owners from where the oil has leaked. The property owners are remediating their site by removing the affected soil and placing booms on the stream into which oil has seeped.

Galway County Council has also provided booms and straw baling to further restrict the seepage of oil into the source. At the water supply intake from Loughaunwillaun Lake the council have put in place a granular activated carbon filter. This filter has been operating since the middle of last week and it provides added protection to the water supply. Work is ongoing on cleansing the network of any residue. Specialist contractors were engaged to flush and clean out two reservoirs on the scheme. Daily sampling of the network and raw water is being undertaken.

Tankers of clean water have been placed throughout the affected network to provide the public with clean drinking water. All those in need of clean water are being attended to by Galway County Council staff in the area. It is liaising with the HSE to determine when a normal water supply can be resumed. Since Friday, 8 April the council, in agreement with the HSE, has eased the restrictions on the use of the water supply in Carraroe. Consumers can now use the water for washing and sanitary use.

All actions that could be taken to address the recent leaking of oil into the Carraroe water supply have been taken by the council in consultation with the HSE. On the broader issue of a new treatment plant, a decision by my Department in regard to the Casla - Costello regional water supply scheme will be conveyed to Galway County Council as soon as possible. I assure the Deputy that I will get in touch with the responsible official tomorrow to push this forward.

The Dáil adjourned at 9.30 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 14 April 2011.