Dáil debates

Tuesday, 14 December 2010

3:00 am

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 34: To ask the an Aire Gnóthaí Pobail; Comhionannais agus Gaeltachta cathain a bheidh an reachtaíocht ar fáil d'Údarás na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46059/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a chuir mé in iúl don Teach cheana, is i gcomhthéacs an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge a dhéanfar athruithe maidir le cumhachtaí agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta a chur i gcrích.

Ó tharla go bhfuil an straitéis faofa ag an Rialtas anois agus le foilsiú go han-luath, beidh tús á chur láithreach leis an bpróiseas chun feidhm a thabhairt do na moltaí éagsúla atá inti. Mar chuid den phróiseas sin, beidh Bille maidir le hathstruchtúrú Údarás na Gaeltachta le réiteach agus déanfar gach iarracht an Billle seo a thionscnamh chomh luath agus is féidir. Níl sé indéanta ag an tráth seo, áfach, dáta tionscanta cruinn a thabhairt. Is dócha go dtuigfidh an Teach cén fáth.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Nuair a cuireadh síos an cheist seo ní raibh an buiséad curtha os comhair an Tí. Nuair a deineadh sin, fuaireamar amach go laghdófar deontas Údarás na Gaeltachta le haghaidh tionscnamh and caiteachas caipitil ar fhoirgneamh ó €18 milliún síos go dtí €16 milliún. Tá eagla orm go bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas cúraimí forbartha maidir le postanna agus eacnamaíocht a sheoladh chuig eagraíocht éigin eile, ar nós Fiontar Éireann nó an IDA. An bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas feidhm eacnamaíochta agus forbartha sa Ghaeltacht a chur go dtí eagraíocht éigin eile?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní hí sin an aidhm atá ag an Rialtas. Teastaíonn uainn go bhfanfadh cúraimí fiontraíochta agus fostaíochta ag an eagras nua. Ar ndóigh, is féidir an cheist sin a plé sa Teach nuair a pléifear an reachtaíocht nua.

Maidir leis an chéad cheist a chuir an Teachta O'Shea, tá €12 mhilliún le haghaidh Údarás na Gaeltachta sa chuntas caipitil don bhliain seo chugainn. Tá an méid srianta siar, ceart go leor, ach tá mé cinnte gur féidir leis an Údarás a chúraimí a gcur i gcrích, fiú amháin leis na ciorraithe sin.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

An nglacann an t-Aire leis go bhfuil todhchaí na Gaeilge fite fuaite le todhchaí na Gaeltachta? Má tá an Ghaeilge le caomhnú agus le forbairt sa Ghaeltacht, an nglacann sé leis go gcaithfear postanna a gcur ar fáil chun an t-aos óg a choimead sa Ghaeltacht agus chun go leanfadh an teanga mar theanga bheo? Muna dtarlaíonn sin, an bhfuil deireadh le hathbheochaint na Gaeilge agus lena forbairt amach anseo?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is dócha go bhfuil. Sin an freagra is giorra gur féidir liom a thabhairt. Ach, tá an-éifeacht ag scéim na gcuntóirí teanga ar fhás na Gaeilge ins na scoileanna. Ba cheart na hionaid teaghlaigh a mhéadú bliain i ndiaidh a chéile le linn tréimhse na straitéise. Má leanann gach Rialtas leis na spriocanna atá sa straitéis, tá mé cinnte gur féidir athrú an-mhór a dhéanamh ar staid na Gaeilge.

Ceist eile is ea teorainneacha na nGaeltachtaí. Ceist chasta í sin, agus caithfear í a plé go macánta amach anseo.