Dáil debates

Thursday, 1 April 2010

Other Questions

Údarás na Gaeltachta.

4:00 am

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 8: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cén socrú atá déanta maidir leis an toghchán d'Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14281/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Reachtáladh an toghchán deireanach d'Údarás na Gaeltachta ar 2 Aibreán 2005. Faoi réir na reachtaíochta faoina bhfeidhmíonn an tÚdarás, ní mór an chéad toghchán eile a reachtáil am éigin sa tréimhse idir 1 Aibreán 2009 agus 1 Deireadh Fómhair 2010.

Mar is eol don Teachta, tá moltaí éagsúla maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht á bplé i gcomhthéacs an dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, atá faoi bhráid an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi láthair. Sa chomhthéacs sin, níl sé i gceist agam cinneadh a thógáil ag an bpointe seo maidir le dáta don chéad toghchán eile d'Údarás na Gaeltachta. Más gá, áfach, agus má oireann sé do chúinsí an cháis, is féidir liom an cás a bhreithniú maidir le Bille a thabhairt os comhair an Tí chun síneadh a chur le tréimhse chomhaltaí an Bhoird reatha.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim comhghairdeas leis an Aire agus an Aire Stáit as ucht an ardú céime a fuair siad. Tháinig an tAire, an Teachta Carey, isteach sa Roinn ag am an-tábhachtach mar tá dréacht-straitéis 20 bliain na Gaeilge idir lámha agus an reachtaíocht atá bainteach leis sin a tharraingt suas. Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis. Tá suim mhór ag an Aire Stáit sa Ghaeilge freisin.

An mbeidh Údarás na Gaeltachta nó údarás nua na Gaeilge i gceist nuair a thiocfaidh an reachtaíocht amach? An bhfuil an tAire chun reachtaíocht a chur os comhair na Dála le sainmhíniú nua a thabhairt ar cad is Gaeltacht ann? Cad faoi theorainneacha na Gaeltachta, an bhfuil sé ar intinn an Aire iad a aistriú? Cathain a bheidh an straitéis chríochnaithe ag an Aire go leanfaidh sé ar aghaidh leis an reachtaíocht?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an Teachta ina bhall den chomhchoiste a bhfuil an dréacht-straitéis faoina bhráid faoi láthair. Tá súil agam go mbeidh an comhchoiste réidh——

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Níl mé i mo bhall den chomhchoiste sin.

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim leithscéal an Teachta. Bhí mé ag labhairt le Cathaoirleach an choiste sin i rith na seachtaine agus teastaíonn ón chomhchoiste deireadh a chur leis an scrúdú ar an straitéis chomh tapaidh agus is féidir. Ansin, tá fochoiste ag an chomhchoiste ag cur tuarscála le chéile agus cuirfear sin chugam.

Nuair a bheidh seans agam é a scrúdú agus leasuithe a dhéanamh air, más gá, tabharfaidh mé é faoi bhráid an Rialtais chomh tapaidh agus is féidir liom. Ba mhaith liom é sin a dhéanamh roimh an tsamhraidh, ach go réadúil níl a fhios agam an féidir an sprioc sin a aimsiú. Ba mhaith liom go bhféadfaimid í a aimsiú, más féidir. Tá sé sin ar intinn agam, ar aon chaoi.

D'iarr an Teachta mar gheall ar na teorainneacha freisin. Tá sé leagtha amach sa dréachtstraitéis go ndéanfaí athstruchtúrú bunúsach ar Údarás na Gaeltachta mar gníomhaireacht náisiúnta — "údarás na Gaeilge" — agus a cheannáras sa Ghaeltacht. Beidh freagracht ag an údarás maidir le cúrsaí Gaeilge ar fud an Stáit. Coinneoidh an túdarás nua na feidhmeanna atá ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Tuigfidh an Teachta mach mbeadh sé caoi dul ar aghaidh le socruithe le haghaidh toghchán Údarás na Gaeltachta go dtí go mbeidh na ceisteanna eile pléite go sásúil againn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tuigim an méid a dúirt an Aire. Chuir mé an cheist seo ar an Aire, an Teachta Ó Cuív, nuair a bhí an cúram seo aige. Ní fheicim aon loighic san argóint, áfach, os rud é nach mbeidh na cinnithe seo déanta go ceann dhá nó trí blianta. Feictear dom nach mbeidh toghchán Údarás na Gaeltacht againn san idir an dá linn. Cén fáth nach féidir toghchán an údaráis a eagrú ar an lá céanna ar a bheidh toghchán mhéara Átha Cliath, agus na fothoghcháin Dála, againn níos déanaí i mbliana? Is féidir linn athrú a dhéanamh amach anseo, taréis díospóireacht caoi sa Teach seo chun na struchtúir caoi a chur i bhfeidhm.

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar adúirt mé níos luaithe, séard a bhí ar intinn ag an Aire Ó Cuív, agus séard atá ar intinn agamsa a dhéanamh ná, má tá gá leis, Bille a thabhairt os comhair an Tí chun síneadh a chur le tréimhse chomhaltaí tofa an bhoird reatha. Níl ar intinn againn go mbeadh na toghcháin a luaigh an Teachta á rith ag an am céanna le h-aon toghchán eile a bheidh againn an bhliain seo.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil an ceart agam glacadh leis ón mhéid atá ráite ag an Aire nach bhfuil sé ar intinn aige go mbeadh díospóireacht sa Dáil ar an dréacht straitéis? Tá sé thar a bheith riachtanach go mbeadh an díospóireacht sin againn. De réir an mhéid atá ráite ag an Aire, an dealramh atá ar an scéal ná go rachaidh an dréacht straitéis ar ais díreach go dtí an Aire nuair a bheidh an comhchoiste críochnaithe leis agus go ndéanfaidh seisean pé athruithe atá i gceist aige a dhéanamh agus ansin go dtabharfaidh sé an doiciméad sin os comhair an Rialtais. Cuirfidh sin deireadh le scrúdú na dréacht straitéise agus beidh an straitéis chríochnaithe againn gan aon bhaint a bheith aici leis an Dáil. Ní dóigh liom gur ceart é sin a dhéanamh. Tá sé thar a bheith riachtanach go mbeadh díospóireacht iomlán sa Dáil maidir leis an dréacht straitéis sula mbíonn an dréacht críochnúil againn.

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl deacracht ar bith agam, go pearsanta nó go hoifigiúil, le sin. Bheinn i bhfábhar na díospóireachta sin a bheith againn chomh luath agus a bheidh an tuarascáil agus na moltaí réidh ag an comhchoiste. Níl aon bac ar sin. Is féidir leis an comhchoiste an tuarascáil a sheoladh go dtí Tithe an Oireachtais más mian leis sin a dhéanamh. Go pearsanta, bheinn i bhfábhar í a phlé anseo ionas go mbeidh seans againn plé níos déine a dhéanamh uirthi.