Dáil debates

Thursday, 4 December 2025

Ceisteanna Eile - Other Questions

Irish Language

2:55 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)

Mar a dúirt mé leis an Teachta McGuinness níos luaithe, tá sé ann de bharr obair na OPTs atá ar siúl agus an obair a bhí á plé againn atá ar siúl ag na daoine in Áras Chrónáin agus i ngach chuid den tír. Tá na daoine áitiúla atá ag plé le cúrsaí áitiúla ag cur rudaí ar siúl agus ag cur clár na Gaeilge ar siúl. Tá an fuinneamh sin ann mar gheall ar obair TG4, Raidió Rí-Rá, Conradh na Gaeilge, agus na heagraíochtaí Gaeilge a bhíomar ag plé níos luaithe faoi chúrsaí Fhoras na Gaeilge agus an t-airgead sin. Beidh an €2 milliún breise sin ag dul i dtreo an fhuinnimh sin. Tá scéal maith agus láidir againn ach tuigim frustrachas an Teachta. Déanfaidh mé staidéar ar cad atá ag tarlú sna tíortha eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.