Dáil debates

Thursday, 4 December 2025

Ceisteanna Eile - Other Questions

An Garda Síochána

4:25 am

Photo of Jim O'CallaghanJim O'Callaghan (Dublin Bay South, Fianna Fail)

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist. Tá an ceart aige. Tá a lán Gaeilgeoirí sa Gharda Síochána. Beidh mé ag dul go dtí Dún na nGall inniu agus beidh mé ann amárach. Níl aon dabht ach go mbeidh mé ag labhairt Gaeilge leis na gardaí i dTír Chonaill. Tá scéim sa Gharda Síochána. Táimid ag lorg Gaeilgeoirí. Chuaigh mé go dtí Contae na Mí cúpla seachtain ó shin agus bhí mé ag labhairt Gaeilge le go leor gardaí. Tháinig siad isteach sa Gharda Síochána tríd an scéim Ghaeilge. Tá súil agam go mbeidh níos mó gardaí le Gaeilge ag teacht isteach sa Gharda Síochána. Tá sé ceart gardaí atá ábalta Gaeilge a labhairt a fháil mar tá a lán daoine inár dtír ag labhairt Gaeilge. Níl a fhios agam cén fáth nach mbeidís siad ábalta labhairt Gaeilge leis na póilíní freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.