Dáil debates

Thursday, 4 December 2025

Ceisteanna Eile - Other Questions

An Garda Síochána

4:25 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)

Leis an dá shruth gur tháinig isteach anuraidh, bhí 245 duine a tháinig tríd an sruth Gaeilge i mí Feabhra agus 128 tríd an sruth Gaeilge san fhómhar. Is léir go bhfuil laghdú ann i líon na ndaoine atá ag teacht tríd an sruth Gaeilge. Cad iad na hiarrachtaí faoi leith atá á ndéanamh chun Gaeilgeoirí a mhealladh isteach tríd an sruth Gaeilge agus chun neartú a dhéanamh ar an líon Gaeilgeoirí laistigh den chóras? Tá a fhios agam go bhfuil iarrachtaí faoi leith á ndéanamh le fógraíocht, ach an bhfuil aon rud breise á dhéanamh? An féidir céimeanna breise a thógáil do na chéad sruthanna nó ghrúpaí eile a bheidh á bhfógairt?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.