Dáil debates
Thursday, 16 October 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Oideachas Tríú Leibhéal
2:35 am
James Lawless (Kildare North, Fianna Fail)
Freagróidh mé an cheist i nGaeilge, ach ós rud é nach bhfuil mo chuid Gaeilge chomh láidir is atá Gaeilge an Teachta Connolly, freagróidh mé aon cheist bhreise i mBéarla.
Is prionsabal bunúsach inár gcóras oideachais é go bhfuil leibhéal ard neamhspleáchais ag institiúidí ardoideachais. Ní féidir leis an Rialtas a rá leo cad é atá le teagasc ná an chaoi le dul i mbun teagaisc. Ina áit sin, oibríonn an córas ar bhonn freagrúlachta do riachtanais agus éilimh i gcomhthéacs an chreata maidir le córas feidhmíochta an Údaráis um Ard-Oideachas.
Cinntíonn mo Roinn go dtuigeann an earnáil tosaíochtaí náisiúnta. Tacaíonn sí le hinstitiúidí ardoideachais a n-oibleagáidí maidir le húsáid agus cur chun cinn na Gaeilge a chomhlíonadh agus oibríonn sí i gcomhpháirtíocht chun dul i ngleic le baic ar dhul chun cinn. Chuige sin, tacaíonn mo Roinn le hinstitiúidí ardoideachais, tríd an Údarás um Ard-Oideachas, trí bhunmhaoiniú a sholáthar, mar aon le maoiniú ar leith chun tacú le tionscnaimh Ghaeilge. Mar sin féin, is gá níos mó a dhéanamh chun tacú le teagasc agus stádas na Gaeilge, go háirithe i gcomhthéacs na sprice gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d'earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí. The Teachta will be aware of the targets.
Ní mór don obair sin a bheith ag teacht le cuspóirí an phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge. Chuige sin, tá treoir tugtha agam do m'oifigigh dul i mbun oibre go gníomhach ar fud an Rialtais chun an obair sin a chur chun cinn. Ciallóidh sé sin, ar dtús, nach mór dul i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Óige chun scrúdú a dhéanamh ar aistriú scoláirí ó iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge go dtí an tríú leibhéal.
No comments