Dáil debates

Thursday, 16 October 2025

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Oideachas Tríú Leibhéal

2:35 am

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)

Cuirim ceist ar an Aire faoi na hiarrachtaí ar siúl ag an Roinn chun cur le líon agus raon na gcúrsaí trí mheán na Gaeilge atá ar fáil do mhic léinn sa chóras ardoideachais. Is léir nach bhfuil mórán acu ann. Níl faoi láthair ach 1,779 mac léinn i mbun staidéir i nGaeilge amháin, agus tá formhór na mac léinn sin ag déanamh staidéar ar Ghaeilge mar ábhar é féin. Is beag deis atá ag mic léinn staidéar a dhéanamh trí mheán na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.