Dáil debates
Thursday, 16 October 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Housing Policy
3:55 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Táim ag iarraidh obair leis an Teachta. Tá an t-airgead ann. Tá na figiúirí ann ón CSO a léiríonn go bhfuil ardú mór sna ceadúnais tithíochta, tithe aonair go háirithe. Táimid ag obair leis na húdaráis áitiúla. Bhí cruinniú agam freisin le príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil a bhfuil Gaeltacht ann chun plé leis an dream sin faoi na rudaí is tábhachtaí. Leag siad béim ar an tábhacht a bhaineann le cúrsaí infreastruchtúir. Sin an fáth gur chuireamar béim sa phlean forbartha náisiúnta go mbeidh Uisce Éireann in ann obair ní hamháin ar chathracha agus ar bhailte móra ach ar cheantair tuaithe agus Gaeltachta freisin. Beidh mé ag cur brú.
Tá a fhios agam ón phlé a bhí agam leis an Aire go dtuigeann sé cé chomh tábhachtach is atá an t-infreastruchtúr sin. Tá samplaí agus scéalta agam faoi dhaoine atá ag iarraidh tithe a thógáil i sráidbhaile Gaeltachta nach bhfuil séarachas ann. Táimid ag díriú ar fhadhbanna cosúil leis sin agus na treoirlínte pleanála.
No comments