Dáil debates
Thursday, 16 October 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Housing Policy
3:45 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Chun mo cheart a thabhairt dom féin, níl sé i mo nádúr a bheith soiniciúil ach tá sé deacair gan a bheith i bhfianaise an méid nár thit amach thar na blianta. Mar is eol don Aire, tá géarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta agus níor sholáthar an buiséad, in ainneoin an méid atá ráite ag an Aire anseo, an maoiniú breise nó na cumhachtaí breise atá riachtanach chun dul i ngleic leis an bhfadhb. Feictear dúinn nach bhfuil na cumhachtaí ná na hacmhainní ag an údarás chun tithe sóisialta, tithe inacmhainne, tithe i suíomhanna seirbhíse inacmhainne nó tithe príobháideacha a thógáil inár gceantair Ghaeltachta nó ar fud fad tuath na hÉireann.
In ainneoin an mhéid a fógraíodh an tseachtain seo caite, ní fheictear dúinn go bhfuil na hacmhainní cuí, na cumhachtaí cuí nó an toil pholaitiúil ann chun dul i ngleic leis. Beidh le feiscint. Guím gach rath ar an saothar ach fós féin níl na treoirlínte pleanála Gaeltachta ann. Cé go bhfuil sé casta, is rud bunúsach é atá á dhéanamh le blianta anois agus tá éileamh mór ag teacht ón bpobal faoi sin. Níl sé i mo nádúr a bheith soiniciúil ach tá sé an-deacair gan a bheith.
No comments