Dáil debates
Thursday, 10 July 2025
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Forbairt na Gaeilge
4:05 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tabharfar aitheantas faoi Acht na Gaeltachta, 2012 do líonraí Gaeilge ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna líonraí éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga fhorordaithe. Tá Foras na Gaeilge freagrach faoi Acht na Gaeltachta as tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna líonraí Gaeilge. Tá trí líonra Gaeilge ceadaithe go dáta faoin bpróiseas faoi Acht na Gaeltachta. Is iad sin: Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin. Anuas air sin, ta dhá ceann sa Tuaisceart - Carn Tóchair agus iarthar Bhéal Feirste - ceadaithe faoi phróiseas neamhreachtúil atá á riar ag Foras na Gaeilge.
In 2020, rinne Foras na Gaeilge athbhreithniú ar scéim pobal Gaeilge de chuid na heagraíochta agus, mar chomharba uirthi sin, fógraíodh an scéim forbartha líonraí Gaeilge. I measc aidhmeanna na scéime seo, tá béim faoi leith ag deontaithe reatha na scéime oibriú i dtreo aitheantas mar líonra Gaeilge a bhaint amach. Tríd an scéim, tá grúpaí á gcumasú le teacht chun tosaigh agus a chur isteach ar an chéad bhabhta eile den phróiseas iarratas reachtúil. Trí Fhoras na Gaeilge, agus le beannacht mo Roinne, tabharfar cuireadh d'eagraíochtaí bheith ceaptha mar cheanneagraiochtaí lionraí Gaeilge in am trátha.
Toisc scéim forbartha líonraí Gaeilge a bheith ceangailte go dlúth le cuspóirí Acht na Gaeltachta, 2012, cheadaigh Bord Fhoras na Gaeilge síneadh ama le deontaithe reatha de chuid scéim forbartha líonraí Gaeilge go deireadh 2026. Déanfaidh mé cinneadh mar Aire ar cathain a chuirfear tús leis an gcéad timthriall eile d'ullmhú pleananna teanga i leith líonraí Gaeilge, ag tabhairt staid reatha an phróisis pleanála teanga, aiseolas ón bhForas agus na hacmhainní airgid a bheidh ar fáil do mo Roinn sna blianta amach romhainn san áireamh.
No comments