Dáil debates
Wednesday, 26 March 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste
12:40 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 7:
Ar leathanach 11, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh líne 34: “(2G) Ní bheidh duine intofa má tá siad mar chomhalta den Dáil, den Seanad, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil. I gcás go dtoghfar an duine don Dáil, don Seanad, do Pharlaimint na hEorpa, nó d’údarás áitiúil, fad is atá siad mar chomhalta den Údarás, déanfaidh an tAire an liosta cúltaca atá luaite i bhfo-alt (2F) a úsáid chun comhalta nua a roghnú le teacht i gcomharbacht air nó uirthi tráth nach déanaí ná seachtain tar éis a thofa nó a tofa don eagras eile.”.”.
Is leasú é seo atá ag déileáil leis an dé-shainordú, agus muid ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh sé de chead ag duine atá cheana féin ina chomhairleoir contae a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den údarás.
I ngach uile ghné eile de na toghcháin ar an oileán seo, níl cead ag duine ach post tofa amháin a bheith aige nó aici. Tráth dá raibh ann, bhí trí nó ceithre post tofa ag daoine. Is cuimhin liom nuair a bhí Ian Paisley ina chomhairleoir contae, ina bhall den Tionól, i Westminster agus san Eoraip ag an am céanna. Bhí daoine eile mar an gcéanna go dtí gur aithníodh nach féidir freastal ar an dá thrá, ní hamháin freastal ar an gceithre thrá.
Má táimid dáiríre go mbeadh daoine dírithe isteach ar an nGaeltacht, ba chóir go mbeidh siad dírithe isteach air seo mar gurb é seo an t-aon jab atá acu agus go mbeadh tuarastal acu agus liúntas cuí i gceist. Is é sin liúntas ar an scála do chomhairleoirí contae mar táimid tar éis a aithint cheana féin sa chomhrá go dtí seo gur rud an-tábhachtach é seo, go bhfuil dualgais bhreise acu agus go bhfuil sé chomh tábhachtach sin go mbeadh scileanna ar leith ag daoine. D'aithníomar cheana féin gur chóir go mbeadh Gaeilge ag leibhéal áirithe. Tá coinníollacha breise aitheanta againn beagnach cheana féin nach bhfuil anuas orthu siúd atá san iomaíocht don chomhairle contae nó tofa don chomhairle contae nó, fiú amháin, nach bhfuil orainn atá tofa anseo nó ar Sheanadóirí, seachas coinníoll aoise a bhíonn i gceist.
Sa chás seo, táimid ag rá gur chóir go mbeadh cinneadh déanta nach mbeidh daoine in ann a bheith ar bhord gan an inniúlacht seo. Roimhe seo, bhí an tAire ag caint gur bord Stáit é seo agus go mbíonn daoine eile ar bhord Stáit ach tá sé seo go huile is go hiomlán difriúil ó aon bhord Stáit eile. Tá toghcháin i gceist. Rinneamar iarracht go mbeadh an toghchán do gach duine ach níl an tAire sásta glacadh leis sin ach, fiú amháin don deichniúr atá an tAire ag caint faoi, ba chóir go mbeadh siad dírithe air sin mar tá an jab chomh mór sin. Tá an Ghaeltacht chomh scartha amach sin nach féidir freastal ar an dá thrá. Ní féidir le duine a bheith mar chomhairleoir contae i Maigh Eo agus a bheith ag déanamh cinnte de go bhfuil aitheantas agus tuiscint ag an duine ar cheantar Rinn Ó gCuanach nó a leithéid. Is rud simplí é. Níl sé as alt leis an gnáthrud atá ag tarlú i ngach uile chomórtas toghchánaíochta eile. Tá súil agam go mbeidh an tAire sásta glacadh leis sin.
No comments