Dáil debates
Thursday, 6 March 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Cúrsaí Tithíochta
2:50 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire as an bhfreagra sin ach ní inniu ná inné a thit an ghéarchéim seo amach. Táimid ag feitheamh le freagra agus le gníomh ón Rialtas agus ón Rialtas a bhí ann cheana féin. Is athrá ar na geallúintí a bhí sa chlár Rialtais deireanach atá sa chlár Rialtais reatha. Tuigimid go bhfuil na treoirlínte pleanála Gaeltachta seo dréachtaithe. Tá siad i scríbhinn ach níl siad feicthe ag aon duine. Níl siad feicthe ar an taobh seo den Teach. Ní fheadar an bhfuil siad feicthe ag cúlbhinseoirí an Aire féin. Níl siad feicthe ag muintir na Gaeltachta. Tá siad ag súil go mór leis seo. Táimid ag iarraidh go mbeadh cumhachtaí leithne agus acmhainní breise curtha ar fáil don Roinn agus d'Údarás na Gaeltachta ionas gur féidir leo dul i ngleic leis an ngéarchéim seo. Nílimid ag iarraidh na treoirlínte pleanála amháin ach beart de réir briathair i dtaobh soláthar tithíocht inacmhainne agus sóisialta.
No comments