Dáil debates
Thursday, 6 March 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Cúrsaí Tithíochta
2:50 am
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source
Déanaim comhghairdeas leis an Teachta as ucht a thoghcháin. Tá súil agam go n-éireoidh leis anseo sa Dáil ar son mhuintir Phort Láirge. Mar a dúirt mé ar ball, tuigfidh an Teachta go bhfuil cúrsaí Gaeltachta agus Gaelainne le haistriú chuig an Aire, an Teachta Calleary, sna seachtainí amach romhainn nuair a dhéanfar na horduithe cuí a shíneadh. Tá an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, a chríochnaigh an Dara Céim i nDáil Éireann roimh ollthoghchán na bliana seo caite, curtha ar ais le déanaí le cur san áireamh i ngnó na Dála reatha. Leanfar leis an mBille seo a chur ar aghaidh trí Thithe an Oireachtais i mbliana. Soláthraíonn an Bille an chumhacht don údarás tailte atá ina sheilbh a chur ar fáil do chomhlachtaí ceadaithe tithíochta, AHBs i mBéarla, nó d'údaráis áitiúla chun tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht. Ag an am céanna, tá Údarás na Gaeltachta ag obair le páirtithe leasmhara chun dul i ngleic le dúshláin éagsúla maidir le soláthar agus cur ar fáil tithíochta i gceantair Ghaeltachta. Tuigtear dom go bhfuil cúrsaí pleanála mar mhír sheasta ar chlár oibre gach cruinniú de chuid bhord Údarás na Gaeltachta ó mhí na Nollag 2023.
Ba cheart dom aird an Teachta a tharraingt ar ghealltanas sa chlár Rialtais go bhfoilseofar treoirlínte pleanála Gaeltachta. Tá obair shuntasach déanta cheana féin ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhairle leis an Roinn chun na treoirlínte seo a fhorbairt. Tógfar ar an obair seo sna míonna amach romhainn d'fhonn na treoirlínte a fhoilsiú chomh luath agus is féidir. Tá an grúpa oibre seo ag cíoradh an phróisis phleanála sa Ghaeltacht chun struchtúr agus cleachtais a aontú chun an próiseas reatha a fheabhsú. Críochnóidh mé an freagra go luath.
No comments