Dáil debates

Thursday, 6 March 2025

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Foras na Gaeilge

2:30 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire as sin. Tuigim go bhfuil, mar a dúirt sé, na feidhmeanna á n-aistriú go dtí an Aire, an Teachta Calleary, ach is an Aire, an Teachta O'Donovan, atá os mo chomhair inniu agus tá sé anseo thar ceann an chórais mar sin. Is teachtaireacht é seo don chóras. Caithfimid uilig teacht ar bhealach timpeall air. Ní rud polaitiúil atá i gceist go bhfuil mé ag spochadh as an Aire, an Teachta O’Donovan, nó as an gcóras. Tá mise sásta cuidiú in aon bhealach gur féidir liom ach caithfimid smaoineamh ar bhealaí cliste más gá le teacht timpeall ar an bhfadhb ionas nach bhfuil na heagrais thíos €800,000 nach bhfuil ar fáil dóibh. Mar shampla, tá an scéim tacaíochta gnó agus beidh an chéad glaoch eile ann do scéim na bhféilte. Beidh an scéim seo thíos €140,000. Tá a fhios agam go raibh an-spéis ag an Teachta O’Donovan i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail. Tá €140,000 bainte as scéim dírithe ar fhéilte. Is féidir linn, is féidir leis an Aire agus is féidir leis an Roinn tograí aonuaire a mhaoiniú agus b’fhéidir gur sin an bealach timpeall air seo láithreach bonn chun cuidiú leis na féilte seo sa bhealach sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.