Dáil debates

Wednesday, 5 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

9:35 am

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá a lán ráite ag na Teachtaí Ward agus McGuinness atá fíor. Rud a cheap mé féin le píosa ná go bhfuil orainn athrú meon ó thaobh úsáid na Gaeilge a bheith againn sa tír. Is é sin an dúshlán, go bhfuil ar chuile dhuine an méid Gaeilge atá aige nó aici a úsáid chomh minic agus is féidir leis nó leí. Más rud é gur féidir le chuile dhuine é sin a dhéanamh, beidh dul chun cinn mór déanta ó thaobh na Gaeilge agus a húsáid mar ghnáththeanga an phobail.

Ní hí seo an chéad deis atá agam cúpla focal a rá sa Teach, ach mothaíonn sé feiliúnach cúpla rud a rá faoin toghchán agus an rath a bhí agam ann. An chéad uair a labhair mé, is ar ábhar na stoirme a bhí sé, agus níor cheap mé ag an tráth sin go raibh sé feiliúnach. Gabhaim buíochas leis na daoine a thug cúnamh dom le linn an fheachtais, go mór mór mo bhean, mo chlann agus m'iníonacha, ceann acu a bhfuil breithlá aici inniu. Go maire tú an chéad, Lauren, más rud é go bhfuil tú ag éisteacht linn. Tugaim buíochas dóibh agus do mo mháthair. Cuimhním ar m'athair chomh maith.

Cé gur tógadh mé ar imeall na Gaeltachta is mó sa tír, ní raibh aon Ghaeilge againn sa bhaile, faraor. Rud a bhí againn, áfach, ná béim láidir ar an oideachas, agus chuaigh mé ar scoil a raibh béim ar an nGaeilge inti ag uair nach raibh Gaelscoileanna sa cheantar nó fiú sa tír ag an tráth sin. Táim fós buíoch de na múinteoirí a bhí agam, mar is ansin a fuair mé bunchloch láidir sa Ghaeilge. Tá deis níos fearr Gaeilge a fhoghlaim ag mo chlann féin mar téann siad ar bhunscoil agus meánscoil lán-Ghaeilge. Is maith an rud é go bhfuil an rogha sin ag tuismitheoirí ar nós mise in áiteanna difriúla sa tír faoi láthair.

Caithfidh mé mo réamhTheachta Fhianna Fáil do Ghaillimh Thiar a lua. Thug Éamon Ó Cuív an-chúnamh dom le linn m'iarrachtaí polaitiúla. Roinn sé a thaithí liom go minic. Is tearc polaiteoir eile a bhí ann a raibh an tionchar céanna aige ar shaol na Gaeilge nó ar an nGaeltacht sa tír. Déanaim comhghairdeas leis, agus tá súil agam go n-aontaíonn chuile dhuine liom ag déanamh comhghairdis leis agus é ainmnithe mar uachtarán Oireachtas na Samhna agus gradam an uachtaráin buaite aige ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana. Guím gach rath ar Éamon agus é sna róil sin.

Agus é luaite, is fíor a rá nach raibh agus nach bhfuil an buiséad céanna ag Roinn na Gaeltachta ó shin, nó nach bhfuil sé ag an leibhéal anois agus a bhí sé nuair a bhí Éamon ann mar Aire Gaeltachta. Tá a fhios agam gur dúshlán mór é don Aire nua, agus guím gach rath air. Is maith an rud é - mar atá ráite ag go leor daoine - go bhfuil Aire sinsearach don Ghaeltacht ann fós agus an dualgas maidir leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge ag Aire sinsearach. Guím gach rath air. Tá a fhios aige gur féidir leis brath orm agus é ag iarraidh chuile rud is féidir leis a dhéanamh chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn.

Tá mise dóchasach do thodhchaí na teanga. Ceapaim go bhfuil meon níos dearfaí anois faoin dteanga ag an nglúin níos óige. Cé gur mhaith linn níos mó scoileanna lán-Ghaeilge a fheiceáil, tá rogha ag cuid mhaith de thuismitheoirí, mar a dúirt mé cheana. Tá an Ghaeilge bríomhar sna meáin cé gur bhreá linn í a fheiceáil níos bríomhara fós agus go mbeadh tagairt níos minice ar an nGaeilge sna meáin.

É sin ráite, níl an mhuinín chéanna agamsa do na ceantracha Gaeltachta. Tá imní orm do chuid de na ceantracha Gaeltachta sa tír. Cloisim go bhfuil líon na ndaltaí sna scoileanna in áiteanna Gaeltachta ag laghdú, agus is ábhar imní é sin. Tá sé ráite ag go leor daoine sa díospóireacht go dtí seo go bhfuil fadhb tithíochta sa Ghaeltacht, agus tá. Is gá dúinn rud éigin a dhéanamh le haghaidh daoine óga atá ag iarraidh fanacht sa Ghaeltacht, teach a thógáil ann agus a gclainne a thógaint ann chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.