Dáil debates
Wednesday, 5 March 2025
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
9:35 am
Barry Ward (Dún Laoghaire, Fine Gael) | Oireachtas source
Aontaím leis na cainteoirí a dúirt go bhfuil tábhacht a bhaineann leis an teanga náisiúnta agus ár dteanga dhúchais. Ní aontaím leis na ráitis a dúirt go dtiocfaidh bás ar an teanga i gceann 100 bliain nó mar sin. Ní aontaím leis in aon chor, ach is féidir linn a fheiceáil go bhfuil feabhas ag teacht i gcónaí ar an nGaeilge agus an méid daoine a labhraíonn í gach lá, cé nach bhfuil an líon céanna cainteoirí dúchas ann. Tá a fhios agam, agus táim ag labhairt anois mar dhuine arb as Dún Laoghaire dó, ceantar i mBaile Átha Cliath nach bhfuil Gaeltacht ann, ach ina bhfuil a lán daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá. Dúirt duine éigin liom go raibh níos mó daoine ag labhairt Gaeilge gach lá i nDún Laoghaire ná in aon cheantar eile sa tír taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl a fhios agam má tá sé fíor nó nach bhfuil, ach tá súil agam go bhfuil. Tá scoileanna cosúil le Scoil Lorcáin agus Gaelcholáistí cosúil le Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin. Timpeall na scoileanna agus na gcoláistí sin, tá pobal a labhraíonn Gaeilge agus atá thar a bheith buíoch as ucht an Ghaeilge a bheith acu.
Is cóir dúinn, go háirithe sinn nach cainteoirí dúchais sinn, an Ghaeilge a úsáid agus a labhairt. Is cóir dúinn an Ghaeilge a labhairt lenár bpáistí freisin. Má tá foirm ann trí mheán na Gaeilge, ba cheart dúinn an leagan sin a úsáid in ionad an leagain Bhéarla. Má tá an Ghaeilge ag duine mar sin, ba cheart dó nó di í a úsáid san fhoirm sin ionas go n-úsáidfear í agus go bhfuilimid in ann a rá go n-úsáidtear an Ghaeilge ag an leibhéal sin. Sin an tábhacht a bhaineann leis, ach sin an dualgas a bhaineann linn freisin. Is fúinne atá sé an teanga a shábháil, a úsáid agus a labhairt.
Cé go gcreidim go bhfuil ceart ag gach aon duine sa tír a chuid oideachais a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, tá a fhios agam nach bhfuil an rogha ag gach aon teaghlach sa tír agus nach bhfuil an seans ag gach aon duine dul go Gaelscoil nó Gaelcholáiste. Is trua an rud é, má tá seans ag duine dul go Gaelscoil agus nach bhfuil an seans céanna aige dul go Gaelcholáiste. Tá sé thar a bheith deacair dom nuair a thagann tuismitheoirí chugam le páistí sa Ghaelscoil ach nach bhfuil áit sa Ghaelcholáiste áitiúil acu freisin. Caithfimid, mar Rialtas agus mar thír, rud éigin a dhéanamh faoi sin.
Ag an am céanna, tá a fhios againn go bhfuil a lán rudaí ar siúl ag an Rialtas atá ann toisc go bhfuil éileamh ar úsáid na Gaeilge agus éileamh ar an nGaeilge san oideachas ann. Tá a fhios againn go bhfuil níos mó Gaelscoileanna ag teacht an t-am ar fad, agus tá a fhios againn go léir faoin scoil i Synge Street, Baile Átha Cliath, a bhí le hathrú ó scoil trí mheán an Bhéarla go scoil trí mheán na Gaeilge. Is slí nó bealach dúinn é sin an t-oideachas a athrú agus a fheabhsú ar son na Gaeilge.
Rud eile atá thar a bheith tábhachtach dom ná an fhógraíocht agus polasaí an Rialtais dheireanaigh go gcuirfidh eagraíochtaí poiblí 20% ar a laghad dá gcuid fógraíochta ar an raidió agus ar an teilifís trí Ghaeilge. Mar sin, tá seans ag gach aon duine sa tír an Ghaeilge a fheiceáil ar an teilifís agus an Ghaeilge a chloisteáil ar an gnáthraidió, ní hamháin Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Rí-Rá nó pé raidió trí Ghaeilge, ach ar RTÉ, mar shampla, atá trí Bhéarla de ghnáth. Anois tá fíorfhógraíocht trí Ghaeilge le cloisteáil, ní tokenism atá ann. Déanfaidh sé sin an-difríocht dúinn, go bhfuil an Ghaeilge sin ar fáil dúinn sa ghnáthshaol freisin. Sin píosa amháin atá á dhéanamh. Caithfimid é sin a dhéanamh arís agus arís i ngach scéim, i ngach Roinn Rialtais agus i ngach páirt den phobal. Má tá an dualgas orainn an Ghaeilge a choimeád agus an Ghaeilge a labhairt lenár bpáistí, is slí í sin ar féidir linn an Ghaeilge a úsáid gach lá agus a úsáid go dáiríre.
No comments