Dáil debates

Wednesday, 5 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

8:55 am

Photo of Paul MurphyPaul Murphy (Dublin South West, Solidarity) | Oireachtas source

Bhí oibrithe na heagraíochtaí Gaeilge amuigh ar stailc an tseachtain seo caite. Bhí siad go tógáil raic agus iad i mbun ágóidíochta in aghaidh na gciorruithe atá á gearradh orthu. Deir siad go bhfuil sé soiléir anois go bhfuil struchtúr maoinithe Fhoras na Gaeilge briste. Tá thart ar €17 milliún níos lú ag Foras na Gaeilge inniu nó mar a bhí acu in 2002. Le boilsciú curtha san áireamh, is ionann sin agus ciorruithe de 45% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge thar 20 bliain.

Ceangailte leis seo, tá an méid daltaí atá ag staidéar na Gaeilge ag ísliú ó Dheas. Níor shuigh beagnach ceathrú de dhaltaí an scrúdú ardteistiméireachta don Ghaeilge in 2024 agus gearradh 30 nóiméad in aghaidh na seachtaine ó mhúineadh na Gaeilge do dhaltaí bunscoile. Mura raibh sé soiléir uaidh seo, níl meas madra ag an Rialtas dár dteanga dhúchais. Tá sé tábhachtach a thuiscint agus a rá nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas riamh go mbeidh sé arís mar phríomhtheanga na tíre againne. Dá mbeadh suim dá laghad ag an Rialtas an teanga a neartú, d'éistfí agus chuirfí i bhfeidhm na héilimh atá á gcur amach go soiléir ag Conradh na Gaeilge agus ag na heagraíochtaí eile. Chuirfí an plean fáis i bhfeidhm agus an plean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don chéad chúig bliana eile. Le barrachas stairiúil an Rialtais, beidh sé go héasca dó €20 milliún atá lorgtha ag na heagraíochtaí a sholáthar seachas a bheith ag cur na billiún isteach i bhfearas cogaidh is míleata agus ionsaí a dhéanamh ar ár neodracht.

Déarfaidh mé an méid seo. Is féidir brath ar an Rialtas uaireanta. Is féidir brath air go leanfaidh sé leis an scannal ó thaobh ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta ina bhfuil muintir na Gaeltachta ag fulaingt go géar. Fad is atá beagnach 3,000 duine ar an liosta feithimh do thithíocht shóisialta ann, níl ach seacht áit ar cíos ar daft.ie. Léirítear agus is soiléir an fhadhb nuair a bhreathnaítear thall ar Airbnb agus an rogha abhus de bheagnach 1,000 áit ar cíos gearrthéarmach. Caithfear srian a bheith ar thithe saoire agus ar Airbnb sna ceantair Ghaeltachta. Tá sé ráite go maith ag an grúpa BÁNÚ atá ag eagrú ar an mbonn seo. Ní féidir a bheith ag brath ar an margadh, na forbróirí móra agus cistí móra idirnáisiúnta le fadhbanna tithíochta na Gaeltachta a réiteach mar ní ar a leas é sin a dhéanamh. Mar sin, mar a rinneadh cheana, caithfidh an Stát seasamh isteach sa bhearna bhaoil agus na tithe seo a thógáil. Éilímid ar Údarás na Gaeltachta tithe a thógáil ar a thalamh féin agus tuilleadh talaimh a cheannach, más gá. Is é seo an réiteach a mbeimis ag screadach ar a shon gach uile sheachtain. Caithfidh an Rialtas an brabús uafásach a bhaint ó thógáil na tithíochta sa Stát seo. Ní tharlóidh sé seo ach trí chomhlacht Stáit tógála.

Críochnóidh mé le rud a dúirt mé anuraidh. Ní féidir aon athbheochan a bheith ann ó thaobh na Gaeilge de gan na cainteoirí dúchasacha a bheith mar chroílár air. Níl suim dá laghad ag na caipitlithe atá i gceannas ar an tír an Ghaeilge nó ceantar na Gaeltachta a chaomhnú. Dá mbeadh, ní bheadh sé deacair é a dhéanamh leis an oiread suime agus tola atá i measc an phobail. Ní ar a leas é sin a dhéanamh. Ní éireoidh linn gan ghluaiseacht agus réabhlóid ollmhór a bheith againn agus iallach a chur ar an Rialtas an tslí a ghéilleadh agus tarraingt uainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.