Dáil debates

Wednesday, 5 March 2025

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

8:55 am

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is mór agam an deis seo a thapú labhairt ar cheist na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna. I dtosach báire, ba mhaith liom comhghairdeas oifigiúil a dhéanamh le hAire nua na Gaeltachta. Seo hé an chéad deis dom é a dhéanamh ar úrláir na Dála. Is as Contae Mhaigh Eo do mo bhean agus tá sise an-tógtha go bhfuil Aire Gaeltachta ann ó Chontae Mhaigh Eo. Guím gach rath ar an Aire.

Faoi mar a dúirt an Teachta Ó Cearúil níos túisce, bhí mise i láthair ag an ócáid inspioráideach a bhí ar siúl i Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné. Tá cur chuige nuálaíoch idir lámha ag na húdaráis áitiúla timpeall Bhaile Átha Cliath faoi deiseanna labhartha Gaeilge a chothú sa ghnáthshaol. Is dóigh liom gurb í an bhunchloch gur chóir go mbeadh ag baint le haon pholasaí i leith na Gaeilge labhartha sa tír seo ná go gcuirfear deiseanna labhartha ar fáil sa chóras oideachais, ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta nó ghnó de, nó ó thaobh cúrsaí pobail agus sóisialta. Is é sin an fáth go gcuireann sé gliondar croí orm go bhfuil sé go soiléir sa chlár Rialtas go bhfuil i gceist Gaeilge365 a leathnú amach ag na húdaráis áitiúla. Ní chóir go bhfágfar seo faoi Roinn na Gaeltachta amháin. Ba chóir go mbeadh cur chuige uile-Rannach ann i leith leathnú an tionscnaimh sin thar na húdaráis áitiúla timpeall na tíre.

Ní cainteoir dhúchais mé. I attended an English-language primary school and learned my Irish at an immersion Gaelcholáiste in Clondalkin, where I learned a love for the Irish language. I was especially struck by Deputy Robert O'Donoghue's contribution when he spoke of shame in not being able to speak Irish more. Generally, for people watching this debate who are not fluent in the first official language, it is important that we as Gaelgeoirí support their efforts to use the language more. I hope that message will come from today's session.

Ceann de na rudaí a thaitníonn liom ó thaobh mo Dháilcheantar féin ná go bhfuil an oiread sin Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ann, ina measc Ghaelscoil Eiscir Riada, Gaelscoil Naomh Pádraig, Scoil Chrónáin, Gaelscoil na Camóige agus Gaelscoil Chluain Dolcáin. Rud faoi leith is ea go bhfuil Gaelscoil nua ann, darbh ainm Gaelscoil Lir. Tá páistí sa Ghaelscoil sin a tháinig go hÉirinn nach bhfuil Béarla mar chéad teanga acu, ach is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil den Stát a bhfuil á fhoghlaim acu agus a bhfuil á labhairt acu go laethúil. Is rud inspioráideach agus speisialta é sin a léiríonn dom go bhfuil tábhacht agus beocht nua faoi leith ag teacht faoin nGaeilge.

Ag féachaint timpeall orainn ar fad, agus ag féachaint ar a bhfuil ar siúl i leith podchraolta ar nós “How to Gael” agus na seóanna raidió a bhíonn ar súil, ar nós "Splanc" ar Newstalk, is léir go bhfuil cur chuige nua á dhéanamh i leith na Gaeilge. Is é sin an fáth gur chóir dúinn ar fad féachaint ar an ról a bhfuil againn mar Rialtas cinntiú go gcuirtear leis na deiseanna labhartha Gaeilge sin.

Ba mhaith liom díriú isteach ar ról Údarás na Gaeltachta ó thaobh gnéithe eacnamaíochta, ar nós gnólachtaí nua-aimseartha a mhealladh chun na Gaeltachta. Tá an-dul chun cinn déanta ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh an bhunchloch sin a leagan i dtaobh cúrsaí eacnamaíochta. Smaoiním go háirithe ar an obair thar a bheith spéisiúil atá á dhéanamh ag an údarás i dtaobh intleacht shaorga, AI. Tá an cur chuige sin de dhíth ó gach rannóg agus áisíneacht Rialtais i leith an Ghaeilge a chothú agus ardán a chur ar fáil d'úsáid na Gaeilge freisin.

Tá an-chuid ráite faoi thithíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Aontaím le an-chuid den mhéid atá ráite ag mo chomhghleacaithe ar an taobh seo den Teach. Caithfear gan mhoill na treoirlínte pleanála a chur i bhfeidhm agus cinntiú go bhfuil daoine in ann cur fúthu sa Ghaeltacht. Ar an dtaobh eile, tá dualagas orainn freisin féachaint go bhfuilimid ag cur le beocht agus splanc nua na Gaeilge san ardchathair anseo i mBaile Átha Cliath, agus i gceantair uirbeacha eile timpeall na tíre. I mo Dháilcheantar féin, tá gréasán Gaeilge i gCluain Dolcáin. Ba mhaith liomsa fócas nua a fheiceáil ar a leithéid de ghréasáin sin a spreagadh agus maoiniú a infheistiú iontu freisin.

Ó thaobh cúrsaí Fhoras na Gaeilge, cuireann sé díomá orm nach bhfuil an DUP tar éis teacht leis agus réiteach a fháil ar an gceist maoinithe sin. Tá a fhios agam faoi chreatlach Chomhaontú Aoine an Chéasta go gcaithfear é sin a chomhaontú idir an dá chuid den oileán. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an tiomantas atá déanta ag an Rialtas seo le níos mó maoiniú a chur ar fáil don fhoras i ndiaidh don chomhréir sin bheith sórtáilte, agus mé ag súil leis na rudaí a thiteann amach as sin.

Cuireann sé gliondar croí orm éisteacht le mo mhac, atá ag freastal ar Ghaelscoil anois, ag labhairt Gaeilge liom. Músclaíonn sé an ghrá sin ionam. Tá mé ag súil go mbeidh deiseanna labhartha aige amach anseo i ndiaidh dó an córas oideachais a fhágáil. Is é sin an bealach a n-éireoidh linn an Ghaeilge a chosaint. An rud deireanach a deirfidh mé ná go gcuireann sé gliondar croí orm bheith in ann rannpháirtíocht a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge le Teachtaí ó gach aon taobh den Teach seo agus gur féidir linn díospóireachtaí shubstaintiúla a bheith againn trí mheán na Gaeilge. Gura fada a mhairfidh sé sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.