Dáil debates
Wednesday, 5 March 2025
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
8:35 am
Sinéad Gibney (Dublin Rathdown, Social Democrats) | Oireachtas source
Le linn Sheachtain na Gaeilge, ní mór dúinn an teanga a cheiliúradh, ach tá sé tábhachtach dúinn mar ionadaithe an phobail tacú leis an teanga sa chuid eile den bhliain chomh maith. I mo Dháilcheantar féin, Baile Átha Cliath-Ráth an Dúin, tá páistí ag fágáil bunscoileanna lán-Ghaeilge cosúil le Gaelscoil na Fuinseoige, Gaelscoil Shliabh Rua, Gaelscoil Thaobh na Coille, Gaelscoil Laighean agus go leor eile toisc nach bhfuil spás dóibh in aon Ghaelcholáiste sa cheantar, cé go bhfuil éileamh ann. Táimid ag déanamh feall ar na daltaí seo ag cur iallach orthu deireadh a chur lena nGaeloideachas. Tar éis na mblianta i mbun feachtasaíochta, níl aon Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Cé gur raibh gealltanas déanta ag an Aire roimh an toghchán, is léir go mbeidh rang eile ag iompú ar an mBéarla mar gheall ar pholasaithe an Rialtais. Níl sé seo sách maith.
Sa Ghaeltacht féin, tá géarchéim eile. Is iad Gaeltachtaí na tíre seo a choinníonn an Ghaeilge beo. Ní féidir teanga bheo bhríomhar a bheith againn gan pobal beo bríomhar.
Leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, tá an pobal sin faoi bhrú. Is sampla eile é seo den chaoi ina bhfuil an ghéarchéim tithíochta ag scriosadh ár bpobal agus ár n-oidhreachta. Gealladh treoirlínte pleanála Gaeltachta in 2021 ach fós níl siad foilsithe. Tá líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht tar éis titim idir daonáireamh 2016 agus daonáireamh 2022. Táimid ag breathnú ar mheath na Gaeltachta ag tarlú os ár gcomhair. Caithfimid é a stopadh trí thacú le pobail Ghaeltachta, le pleanáil teanga, le fostaíocht agus le tithíocht.
Ar fud fad na tíre, tá grá ollmhór don teanga. Tá sé mar chuid dár bhféiniúlacht ar an dá thaobh den Teorainn. Chonaic muid é sa scannán "Kneecap". Tá sé tábhachtach tacú leis an nGaeilge Thuaidh agus Theas trí mhaoiniú a chur ar fáil d'eagraíochtaí pobail, clubanna óige, aonaid phobail agus go leor eile. Gan maoiniú Fhoras na Gaeilge d'aonad pobail, ní bheadh aon Kneecap ann. Is cúis náire é go bhfuil laghdú de €820,000 tagtha ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge. Caithfimid níos mó obair a dhéanamh trasna na Teorann chun an fhadhb seo a réiteach. Níl sé ródhéanach ach caithfear é a dhéanamh anois.
No comments