Dáil debates
Wednesday, 5 March 2025
Seachtain na Gaeilge: Ráitis
8:05 am
Pa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source
Is soiléir go bhfuil spiorad nua sa Ghaeilge. Chonaic mé sin nuair a bhíos ar an gcomhchoiste leis an Teachta Ó Snodaigh, a raibh mar Chathaoirleach air. Bhí sé mar onóir dúinn bualadh leis na scoláirí sna Gaelcholáistí agus sna scoileanna, go háirithe iad siúd i mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste. Gan dabht, tá an Ghaeilge beo ach tá a lán dúshlán ann chomh maith. D'fhoilsigh Sinn Féin Ár Seacht nDícheall don Ghaeilge, chun an teanga náisiúnta a spreagadh i mbéal an phobail. Is é an príomhrud a bhí ansin ná an cheart chun an Ghaeilge a úsáid mar is minic gur chuala mé ó dhaoine gur scríobh siad a n-ainmneacha i nGaeilge, ach nuair a tháinig an cárta nó rud mar sin ar ais, bhí sé scríofa síos i mBéarla gan cead. Gheall Sinn Féin chomh maith riachtanas nua don Ghaeilge i siopaí, ag cinntiú gur i nGaeilge nó go dátheangach a bheadh comharthaí siopaí, taispeántais fuinneoige agus mar sin de.
Tá saibhreas ann i logainmneacha sa tír seo ach níl an saibhreas sin ar na comharthaí bóithre. In 1892, dúirt Dubhghlás de hÍde go raibh dóchas agus muinín aige go n-áiteofar air Rialtas dúchasach Éireannach ár logainmneacha a athchóiriú, ach tá ár mbóithre fós truaillithe le bréag-ainmneacha gan brí cosúil le “quilty” agus “snave” agus mar sin de. Cé nach bhfuil muid ag iarraidh na hainmneacha Béarla a chosc, ba chóir go mbeadh Gaeilge ar na comharthaí bóithre cosúil le “Port Laoise” agus “Dún Laoghaire”.
Mar fhocail scoir, tá fadhbanna againn mar gheall ar chead pleanála. Cé go bhfuil spiorad ann sa Ghaeilge, aontaím go raibh mí-úsáid le blianta anuas ach ba chóir go mbeadh buntáiste acu siúd a bhfuil fonn orthu maireachtáil sa Ghaeltacht. Chun an Ghaeilge a chóiméad beo, ba chóir go mbeadh sí beo sna Gaeltachtaí.
No comments