Dáil debates
Tuesday, 4 March 2025
Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]
8:20 pm
Jerry Buttimer (Cork South-Central, Fine Gael) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 1:
Go scriosfar na focail go léir tar éis "Dáil Éireann" agus go gcuirfear an méid seo a leanas ina n-ionad:"a thabhairt dá haire go bhfuil an Rialtas tiomanta do chosaint agus do chur chun cinn na Gaeilge, agus go bhfuil geallta ag an Rialtas deiseanna a leathnú do scoláirí freastal ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí; go n-aithníonn sí:— go raibh tionchar dearfach suntasach buan ag an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta ar scoileanna agus ar phobail Ghaeltachta, rud a d'fhág go bhfuil méadú tagtha ar úsáid na Gaeilge labhartha i scoileanna Gaeltachta agus athnuachan ar mhórtas pobail sa teanga;go n-iarrann sí ar an Rialtas:
— go bhfuil €405 milliún infheistithe ag an Rialtas ar thograí caipitil i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó 2020 go 2024;
— go bhfuil infheistíocht shuntasach bhreise déanta ag an Rialtas sa Ghaeilge sa chóras oideachais ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal, lena n-áirítear sna réimsí a bhaineann le hathchóiriú curaclaim, soláthar tacaíochtaí foghlama gairmiúla do mhúinteoirí, agus oiliúint tosaigh múinteoirí;
— a bhuí leis an maoiniú méadaithe atá curtha ar fáil ag an Rialtas, go bhfuil an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) in ann tacaíocht luachmhar a chur ar fáil do scoileanna, lena n-áirítear acmhainní nuálacha, tarraingteacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt don Ghaeilge agus trí Ghaeilge, agus mol digiteach d'acmhainní Gaeilge;
— go bhfuil rannán ar leith – an GaelAonad – bunaithe in Oide chun tacaíocht foghlama ghairmiúil a chur ar fáil maidir le múineadh na Gaeilge agus teagasc trí Ghaeilge, rud a rachaidh go mór chun sochair do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile sa réimse seo;
— gur aithníodh san athbhreithniú a críochnaíodh le déanaí ar Scéim Iompair Scoile na Roinne Oideachais go dtacaíonn agus go n-éascaíonn an scéim rochtain do pháistí ar an suíomh oideachais lán-Ghaeilge is gaire dóibh;
— trí thionscadail ar nós an Tionscadail um Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Foghlama (FCÁT) agus Gaelbhratach, go bhfuil deiseanna méadaithe ag na mílte daltaí agus scoláirí ar fud na tíre dul i ngleic leis an nGaeilge ar bhealach comhtháite i rith an lae scoile;
— toisc go bhfuil an Ghaeilge ina croí-ábhar do dhaltaí agus do scoláirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, go gcinntítear go mbíonn deis ag gach páiste agus duine óg dul i ngleic leis an teanga mar chuid dá n-oideachas; agus
— gur thug beagnach 1.9 milliún duine le fios sa daonáireamh is déanaí go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt, méadú 6% ón daonáireamh roimhe sin; agus— plean náisiúnta do sholáthar na Gaeilge i bhfoghlaim agus cúram na luath-luath-óige agus i gcúram leanaí d'aois scoile a fhoilsiú;
— plean gnímh don Ghaeilge i scoileanna meán-Béarla a fhoilsiú;
— comhairliúchán a reáchtáil chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an chéad leagan eile den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta;
— a chinntiú go nglacfar cur chuige comhtháite agus nuálach chun tacú le pobail Ghaeltachta lena n-áirítear soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge i mBailte Seirbhíse Gaeltachta;
— polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhoilsiú;
— tascfhórsa a bhunú a mbeidh sé de chúram air contanam soláthair don oideachas lán-Ghaeilge a dhearadh agus múnlaí an tsoláthair a bhfuil ann a athshamhlú;
— a chinntiú go dtarlóidh an fás atá beartaithe san oideachas lán-Ghaeilge ar bhealach atá ailínithe go hiomlán le riachtanais fhoriomlána an chórais scoile agus na scoláirí a bhfreastalaíonn sé orthu, lena n-áirítear Riachtanais Speisialta Oideachais, cleachtas ardchaighdeáin i dteagasc na Gaeilge i ngach suíomh scoile, agus cur chuige lán-ionchuimsitheach i leith theagasc na Gaeilge;
— polasaí comhtháite don Ghaeilge sa chóras oideachais a fhoilsiú, ag cur san áireamh na polasaithe don oideachas Gaeltachta, don oideachas lán-Ghaeilge agus do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla;
— suirbhé rogha tuismitheoirí a dhéanamh chun éileamh ar bhunoideachas lán-Ghaeilge a aithint;
— tacú le hiar-bhunscoileanna múinteoirí a roinnt le haghaidh múineadh na Gaeilge agus le haghaidh ábhair a mhúineadh trí mheán na Gaeilge;
— oibriú i dtreo cur le líon na gclár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí atá ar fáil trí Ghaeilge;
— tús áite a thabhairt d'athfhorbairt thrialacha caighdeánaithe Gaeilge Dhroim Conrach do scoileanna lán-Ghaeilge agus do scoileanna meán-Bhéarla; agus
— leanúint le maoiniú a chur ar fáil do COGG chun forbairt bhreise acmhainní Gaeilge a éascú, lena n-áirítear acmhainní chun tacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla.".
Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh as an rún seo a chur os comhair an Tí. Cosúil leis an Teachta Tóibín, ba mhaith liom mo chomhbhrón mar gheall ar bhás athair an Teachta Uí Snodaigh a chur in iúl. Fear uasal a bhí ann. Ar mo shon féin agus ar son an Rialtais, dá chlann agus dó féin, tá brón mór orainn.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Sinn Féin as an rún seo a thabhairt os ár gcomhair, rud a thugann deis dúinn plé a dhéanamh ar an dul chun cinn suntasach atá déanta sa chóras oideachais le blianta beaga anuas i dtaobh na Gaeilge de. Aithním go bhfuil tuilleadh dul chun cinn le déanamh sa réimse seo agus go bhfuil dúshlán os ár gcomhair, ach caithfear a admháil go bhfuil an-chuid bainte amach againn ar cheart a aithint agus a cheiliúradh.
Tagraím ar ais den mhéid a d'inis an tAire, an Teachta McEntee, dúinn ag tús na díospóireachta seo faoin éacht atá déanta ag scoileanna Gaeltachta na tíre seo mar thoradh ar an scéim aitheantas scoileanna Gaeltachta. Ba mhaith liom tréaslú go mór leis na scoileanna sin. Ba mhaith liom cur i gcoinne rud amháin atá ráite ag Sinn Féin ina rún agus é ag trácht ar na scoileanna Gaeltachta áirithe atá ag glacadh páirte sa scéim sin. Tugann Sinn Féin le fios ina rún gur theip ar aon thrian d'iarbhunscoileanna sa scéim aitheantas scoileanna Gaeltachta stádas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta. Bhí an-díomá orm an fhoclaíocht mhaslach sin a léamh. Ní thugann sé aitheantas dá laghad don sárobair atá éanta agus atá á déanamh sna scoileanna sin. Bhí aistear éagsúil ag gach scoil sa scéim chun na critéir a bhí leagtha amach a chomhlíonadh agus aistear níos faide le déanamh ag scoileanna áirithe ná a chéile. Cé nár bhain na scoileanna atá i gceist stádas oifigiúil amach go fóill, de réir tuairiscí na cigireachta de tá dul chun cinn suntasach déanta ag gach uile scoil chun an Ghaeilge a chur chun cinn, timpeallacht Ghaelach a chruthú do scoláirí agus tacú leis an próiseas pleanála teanga. Tá ardmholadh ag dul do na scoileanna uilig agus do na pobail as na hiarrachtaí atá déanta acu. D'aithnigh an Roinn Oideachais ó thús an pholasaí go mbeadh sé fíorthábhachtach cur chuige spreagúil agus tacúil a chur i bhfeidhm agus í ag plé le scoilphobal na Gaeltachta. D'éirigh thar cionn leis an gcur chuige seo i gcás formhór na scoileanna, agus maidir leis na scoileanna eile, níl an deireadh sroicthe fós. Tá an Rialtas seo lánsásta leanúint ar aghaidh ag tacú leo na critéir éagsúla a bhaint amach.
Luadh freisin i rún Shinn Féin go raibh an polasaí don oideachas Gaeltachta imithe ina aghaidh gan fhorbairt, rud nach bhfuil fíor ach an oiread. Cuireadh síneadh go 2024 leis an scéim aitheantas don oideachas Gaeltachta de bharr moille mar thoradh ar Covid-19. Maidir leis na chéad chéimeanna eile don oideachas Gaeltachta, tá obair tosaithe ag an Roinn Oideachais i dtreo polasaí nua a fhorbairt. Tá taighde longitudinal á chur i gcrích i láthair na huaire a bheadh mar bhonn eolais don pholasaí nua agus tá oifigigh na Roinne i mbun plé leis na scoileanna le roinnt míonna anuas chun tús a chur leis an gcur chuige cuí.
Maidir leis na tacaíochtaí a thugann mo Roinn féin agus an tAire, an Teachta Calleary, do na cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh ar dtús do scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Cuireann an scéim deiseanna breise sealbhú teanga agus saibhriú cultúrtha ar fáil sa Ghaeltacht d'fhoghlaimeoirí lasmuigh den chóras oideachais. Cuireann sé seo go mór leis an méid atá ar siúl sa chóras oideachais. Léiríonn figiúirí na Roinne gur ghlac 27,394 fhoghlaimeoir páirt i gcúrsaí i gcoláistí Gaeilge faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge in 2024. Ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí Gaeilge, fógraíodh i mí Bealtaine 2024 go mbeadh ardú ar an deontas laethúil chun lóistín a sholáthar.
Tá ardú €1 tagtha ar an deontas a thugtar de ghnáth do theaghlaigh atá aitheanta faoin scéim agus tá ardú €2.50 tagtha ar an deontas a bhí á íoc leis na brúnna agus na scoileanna cónaithe. Fágann na beartais faoi leith sin go mbeidh níos mó ná €6 mhilliún á infheistiú ag mo Roinn go bhliantúil san earnáil faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Ó thaobh na scoláireachtaí Gaeilge, ceadaíodh ciste €900,000 chun leathnú suntasach a dhéanamh ar an gciste scoláireachta do scoláirí iarbhunscoileanna DEIS chun freastal ar chúrsaí Gaeilge le linn samhradh 2025. Cuireadh tús le scéim na scoláireachtaí Gaeltachta in 2019, tráth go raibh 400 scoláireachtaí ar fáil faoin scéim. Faoin chiste bhreise atá ceadaithe, beidh os cionn 800 scoláire in aghaidh na bliana as iarbhunscoileanna DEIS ar fud na tíre in ann tairbhe a bhaint as tréimhse foghlamtha sa Ghaeltacht.
Tá iarrtha ag Sinn Féin ar an Rialtas scéim labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais freisin. Mar a cuireadh in iúl go minic roimhe seo, tá infheistíocht i bhfad níos suntasaí á dhéanamh ag mo Roinn chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta ná mar a bhí faoi scéim labhairt na Gaeilge. Ba mhaith liom léargas a thabhairt ar roinnt de na gníomhartha atá i gceist leis seo. Tá cistíocht shuntasach á cur ar fáil don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ar bhfiú breis agus €5 milliún é thar tréimhse trí bliana. Baintear leas as an gciste seo chun clár leathan tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil atá dírithe ar theaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh.
Comhthreomhar leis an gciste sin, tá ciste faoi leith ar bhfiú €3.7 milliún é i leith na tréimhse 2023 go dtí 2027 ar fáil don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta chun tacú tuilleadh le soláthar seirbhísí sa réimse luathbhlianta sa Ghaeltacht. Tuigeann mo Roinn an tábhacht faoi leith a bhaineann le tuilleadh tacaíochta fós ar mhaithe le cur chun cinn na teanga ar bhonn teaghlaigh sa Ghaeltacht agus, go deimhin, sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeltachta. Mar sin, tá sé i gceist ag oifigigh na Roinne buaileadh go luath le páirtithe leasmhara chun breathnú ar bheartaithe breise a d’fhéadfaí a chur sa tsiúil chun tacú tuilleadh le cur chun cinn na Gaeilge ar leibhéal an teaghlaigh.
Tá neart forbairtí ar bun ag mo Roinn féin, mar a luadh, ach tá forbairtí as cuimse ar siúl ag an Roinn Oideachais faoi láthair ó thaobh pholasaí don Ghaeilge de. Tá obair á cur chun cinn ag an Roinn anois chun polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt. Leagfaidh an Roinn amach spriocanna uaillmhianacha sa pholasaí seo maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge agus aithneofar gníomhartha ann chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna sin. Má oibrímid ar fad as lámh a chéile sa chomhthéacs seo, is féidir linn a chinntiú go rachaidh earnáil an oideachais lán-Ghaeilge ó neart go neart le linn tréimhse an Rialtais seo. Fáiltím go mór roimh moladh an tAire, an Teachta McEntee, sa leasú atá os bhur gcomhair inniu le tacaíocht a bhuanú chun díriú ar cheist an tsoláthair ach go háirithe.
Chomh maith leis an obair seo ar oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, tá ionad nua don Ghaeilge bunaithe ag an Roinn Oideachais chun plean gnímh dhá bhliain a fhorbairt chun tacú le teagasc agus le foghlaim na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla. Tá sé beartaithe an plean gnímh seo a fhoilsiú in 2025. Tá an obair atá ar bun ag an Roinn ar an nGaeilge i scoileanna meán-Bhéarla á threorú ag trí mórphrionsabal: dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú; úsáid na Gaeilge a mhéadú; agus comhtháthú níos fearr a dhéanamh ar bheartais na ngníomhartha, ar struchtúr agus ar acmhainní don Ghaeilge. Tá dearcaí dearfacha i leith na Gaeilge ríthábhachtach d’fhoghlaim agus d’úsáid an teanga. Is í an príomhchúis le teanga ar bith a fhoghlaim ná í a úsáid. Is é sin bun agus barr an scéil. Is é sin an fáth a bhfuilimid ar fad anseo anocht.
Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas leis na Teachtaí ar fad as an díospóireacht seo. Tá Gaeilge agam ach chaill mé beagán de. Beidh mé ag foghlaim agus ag cleachtadh. Arís, gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh as ucht an rúin agus as an obair atá á dhéanamh aige chun labhairt na teanga a mhéadú.
No comments