Dáil debates
Tuesday, 4 March 2025
Oideachas trí Mheán na Gaeilge: Tairiscint [Comhaltaí Príobháideacha]
8:10 pm
Paul Gogarty (Dublin Mid West, Independent) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle. Agus Seachtain na Gaeilge ar siúl faoi láthair, tá sé tábhachtach gur ardaíodh an t-ábhar seo. Aontaím go mór leis an rún. Is tábhachtach go n-aithníonn an Rialtas an obair seo mar beidh mé ag labhairt faoin Aire i gceann tamaill.
Maidir leis an díograis agus an tiomantas chun an Ghaeilge a shábháil beo inár gcultúr, tá bealach ann chun é seo a fhorbairt, is é sin, ceart agus rathúlacht an oideachas trí Ghaeilge a roinnt le gach saoránach in Éirinn. Maidir le staitisticí, mar a dúirt an Teachta Tóibín cheana, feiceann muid go bhfuil 11 contae gan Gaelcholáiste in Éirinn. Níl rogha ag na daltaí meánscoile a gcuid Gaeilge a fhorbairt trí oideachas Gaeilge. Déanaim tagairt d’ocht ceann.
I mo cheantar, tá sampla níos fearr.
I Leamhcán, tá dhá bhunscoil agus Gaelcholáiste amháin. Tá Gaeilge á labhairt in a lán áiteanna eile. Is líonra Gaeilge é Cluain Dolcáin. Níl an rogha ag daoine ar fud na tíre. Más í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta, nár chóir go mbeadh an rogha ag muintir na tíre ar fad í a fhoghlaim? Tá brón orm go bhfuil droch-Ghaeilge agam ach táim ag déanamh mo dhíchill. Tá líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge ó lá go lá tar éis titim thar an dá dhaonáireamh is déanaí atá againn. Tuairiscítear sna páipéir inniu nach bhfuil foirgneamh seasta ag 39% de Ghaelscoileanna. Níl a dhóthain múinteoirí a labhraíonn Gaeilge ag 80% acu. Tá sé sin an-ard ar fad. Tá Gaelcholáistí ag fostú múinteoirí nach bhfuil líofacht sa teanga acu. Mar a dúradh inniu ag Féile na bhFéidearthachtaí, is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste. Tá orainn níos mó múinteoirí a fhorbairt a bhfuil Gaeilge líofa acu. Tá na scoileanna a fhreastalaíonn ar phobail Ghaeilge lasmuigh de theorainn na Gaeltachta ag iarraidh stádas mar scoil Ghaeltachta a fháil cosúil le ceantar na hEascrach i Leamhcán. Tá dhá Ghaelscoil agus Gaelcholáiste i mBaile Átha Cliath theas.
Rinneadh cinneadh sa chlár Rialtas neamhaird a dhéanamh ar na príomhgheallúintí sa chlár Rialtais 2020 maidir leis an nGaeilge. Ina measc sin, bhí béim ar an teanga labhartha a mhéadú sa seomra ranga, líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna a mhéadú, polasaí cuimsitheach a chur ar fáil don Ghaeilge ón réamhoideachas go dtí oideachas múinteoirí do gach scoil agus tacaíocht a mhéadú chun an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Ní maith go leor é sin. Is mór an trua é. Mar a dúirt mé leis an Taoiseach cheana, is léir go bhfuil éileamh ann. Nílimid ag obair i dtreo an fhadhb sin a réiteach ach ina aghaidh sin.
When the Taoiseach mentioned there was some work being done, I acknowledged this and noted the Minister was at the Féile na bhFeidearthachtí launch today - which is part of Gaeilge365 - and that there is additional funding coming for promoting Irish through the local authorities to try to find creative ways. Chonaic mé go leor smaointe faoi úsáid na Gaeilge i go leor bealaí éagsúla. Tá grianghraf agam anseo. Nílim in ann é a léamh ach tá cúpla sampla ann. Ina measc sin tá biongó; club oíche na Gaeilge; seomra éalaithe as Gaeilge; comórtas scánnán, rud atá suimiúil freisin; tráth na gceist - is gnáthrud é sin - agus a bheith ag caint leis an madra trí Ghaeilge. Tá a lán smaointe ann.
As well as promoting the Irish-speaking schools and trying to have more of them, we need to put both the funding and mindset towards developing more Gaelscoileanna. As I said to the Taoiseach an seachtain seo caite, there are many more people who want to go to a Gaelscoil than are actually able to go. At the same time, mar a dúirt mé cheana freisin, we also have to encourage comhrá Gaeilge a chur chun cinn. There is no point in just having a fast lane without also having a medium lane.
I thank the Minister again for the funding initiative and our colleagues for the motion. I want to reiterate that we need a special leaving or junior certificate subject for comhrá Ghaeilge so people can speak le chéile as Gaeilge but not necessarily get into the grammatical stuff. That will flow after people foster a love of the language.
No comments