Dáil debates

Tuesday, 4 March 2025

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:40 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South-Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta. Is féidir linn cabhair agus tacaíocht a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge. Tuigim go bhfuil brú airgeadais ar Fhoras na Gaeilge agus fógra tugtha ag an mbord le déanaí go mbeidh air maoiniú a ghearradh ó chuid dá scéimeanna mar bheart éigeandála, agus is cúis díomá é sin don Rialtas. Tá ceist airgeadais Fhoras na Gaeilge pléite ag roinnt cruinnithe le tamall anuas. Bhí cruinniú ag oifigigh Roinn na Gaeltachta ar an 10 Feabhra leis an Roinn pobal ó Thuaidh, le Foras na Gaeilge agus le Gníomhaireacht na hUltaise, áit a pléadh na dúshláin airgeadais atá ag an dá eagraíocht. Bhí cruinniú práinneach ag an Aire Gaeltachta, an Teachta Calleary, le cathaoirleach agus le príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge ar an gCéadaoin, an 12 Feabhra, agus mar sin tá an cheist seo á plé go mion ag an Aire agus a chuid oifigigh. Tuigim go raibh cruinniú ag oifigigh Roinn na Gaeltachta freisin le sé cheanneagraíocht Gaeilge agus gur léirigh ceannasaithe na gceanneagraíochtaí sin a n-imní maidir le dúshláin airgeadais an fhorais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.