Dáil debates

Tuesday, 4 March 2025

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:40 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá Foras na Gaeilge ag freastal ar phobal na Gaelainne ar fud na tíre agus tá sé ag feidhmiú le maoiniú ón Rialtas anseo ó Dheas agus ón bhFeidhmeannas ó Thuaidh; 75% den mhaoiniú ag teacht ón Rialtas anseo agus 25% ón bhFeidhmeannas ó Thuaidh. Is é sin an leagan amach atá ann de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tuigim go bhfuil an Rialtas anseo lánsásta a sciar a chur ar fáil ach go bhfuil buairt ó Thuaidh. Tá an-bhuairt ar phobal na Gaelainne roimh ciorraithe agus sa chás nach mbeadh an foras ábalta feidhmiú gan mhaoiniú. Mar sin, an féidir tacú leis an bhforas agus le pobal na Gaelainne gan teacht salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta nó an féidir plé leis an bhFeidhmeannas ó Thuaidh chun a chinntiú go gcuirfeadh sé a sciar den mhaoiniú ar fáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.