Dáil debates
Wednesday, 19 February 2025
Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions
5:20 am
Micheál Martin (Cork South-Central, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ar dtús báire, tá mé buíoch den Teachta as ucht an cheist seo a ardú. B’fhéidir nach bhfuil a fhios ag cách ach tá leabhar foilsithe ag Mark Henry a bhaineann le stair na tíre ó 1922 go dtí 2020 agus an méid dul chun cinn atá le feiscint in áiteanna éagsúla. Is é ceann de na figiúirí a léiríonn sé ná go bhfuil i bhfad níos mó daoine sa lá atá inniu ann ag labhairt agus ag foghlaim na Gaeilge, agus le cumas na Gaeilge acu, ná mar a bhí sa tír seo in 1922.
Tá an ceart ag an Teachta nuair a deir sé go bhfuil tionchar faoi leith, nó go raibh tionchar faoi leith, ag fás agus forbairt na nGaelscolaíochta ar na figiúirí sin. Sa Dáil seo, tá i bhfad níos mó Gaeilgeoirí tar éis a bheith tofa ná mar a bhí cheana féin. I bhFianna Fáil, tá an-chuid daoine anois againn a bhfuil cumas na Gaeilge acu. B’fhéidir go bhfuil glúin nua ag teacht ar an bhfód agus an Ghaeilge go nádúrtha acu de bharr na béime ar níos mó Gaelscoileanna agus coláistí lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal. Caithfidh muid a chur san áireamh chomh maith go bhfuil dualgas ar an ngnáthbhunscoil an Ghaeilge a chothú agus béim a chur ar an nGaeilge.
Maidir leis na hÉireannaigh nua, caithfidh an meon a bheith ceart. Caithfidh muid gach aon iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a chur ar fáil do na hÉireannaigh nua chun iad a mhealladh agus tacaíocht is áiseanna a thabhairt dóibh. Mar a dúirt an Teachta, ba cheart dúinn deiseanna a thabhairt dóibh an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha gan mórán béime ar an ngramadach nó ar chruinneas na teanga agus mar sin de.
Tá an dealramh ar an scéal go bhfuil roinnt de na hÉireannaigh nua báúil don Ghaeilge. Tá fonn orthu an Ghaeilge a labhairt. Tá a fhios agam féin nuair a bhí mé ag dul timpeall na tíre ag bualadh le grúpaí áirithe go ndearna na hÉireannaigh nua iarracht an Ghaeilge a labhairt. Bhí sé sin soiléir.
Aontaím leis an Teachta go bhfuil níos mó le déanamh againn. Caithfidh muid níos mó tacaíochta a thabhairt, ní hamháin do na Gaelscoileanna ach freisin do na bunscoileanna ó thaobh áiseanna agus teicneolaíocht a chur ar fáil chun feabhas a chur ar an scéal, go háirithe sna bunscoileanna.
No comments