Dáil debates
Wednesday, 19 February 2025
Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions
5:20 am
Paul Gogarty (Dublin Mid West, Independent) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle. Agus Seachtain na Gaeilge ar siúl go luath i gceann coicíse, bhí mé ag smaoineamh faoi conas a chothaítear níos mó Gaeilge a úsáid, go mór mór i measc na nÉireannach nua. I ndáiríre, tá fadhb againn. Léiríonn figiúirí ón Roinn Oideachais go bhfuil 8% de dhaltaí bunscoile sna Sé Chontae Fichead ag freastal ar Ghaelscoileanna agus go bhfuil 8.3% de na bunscoileanna sna Sé Chontae Fichead ag baint le Gaelscoileanna. Léiríonn taighde ón ESRI, áfach, go bhfuil an leibhéal éilimh ar an nGaelscolaíocht ag 23%. Tá níos mó daoine ag lorg spás sna Gaelscoileanna.
Dúirt mé an tseachtain seo chaite go gcaithfidh muid níos mó Gaelscoileanna a oscailt. Tá sé seo fíor. I measc thuismitheoirí na ndaltaí sna Gaelscoileanna atá againn anois, áfach, cé mhéad acu siúd a rugadh in Éirinn? Níl figiúirí níos deireanaí agam, ach sa bhliain 2017 measadh go raibh 6% de dhaltaí ar fud an bhunleibhéil Gaeilge, agus go raibh titim go 1.6% i mbunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá mé cinnte go bhfuil go leor tuismitheoirí ag iarraidh go bhfoghlaimíonn a gcuid páistí Gaeilge ach níl an deis nó an t-eolas acu lena dhéanamh. Tá sé deacair nuair nach é an Béarla a gcuid teanga dúchais, gan trácht ar an nGaeilge. Mar sin, caithfidh muid féachaint i ndáiríre conas líon na nÉireannach nua a mhéadú sna Gaelscoileanna.
Is cinnte go bhfuil daoine ag cur isteach ar shaoránacht Éireannach. Is é mo thuairim ar aon nós gur cheart go mbeadh siad in ann líofacht a léiriú i gceann amháin dár dteangacha náisiúnta ar a laghad, agus leibhéal réasúnta comhrá sa teanga eile, an Ghaeilge is dócha. Is smaoineamh é sin.
Ag an am céanna, tá orainn níos mó Gaeilge a labhairt i rith an lae. Níl mé ag caint faoi Ghaeilge líofa ach faoi chomhráite Ghaeilge. Tá a fhios ag formhór na ndaoine go bhfuil caighdeán níos fearr Fraincise ag daltaí meánscoile thar an Ghaeilge tar éis sé bliana, cé go raibh ocht mbliain acu roimhe sin sa bhunscoil ag foghlaim Gaeilge. Cén fáth a bhfuil sé mar seo? Is í an dara cheist atá agam ná cad a cheapann an Taoiseach faoi chúrsaí nua sna scoileanna san ardteist nó sa junior certificate le béim ar chomhráite trí Ghaeilge?
No comments