Dáil debates
Thursday, 7 November 2024
Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate
Ionaid Oidhreachta
9:10 am
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá brón orm nach bhfuil an ráiteas atá agam trí Ghaeilge ach déanfaidh mé iarracht. Gabhaim buíochas leis an Teachta as an ábhar tábhachtach seo a ardú ar maidin. Tá an t-ionad cuairteora suite ar an taobh thiar d'Inis Mór sna hOileáin Árann. Tá aithne againn go léir air. Is é sin an pointe rochtana do chuairteoirí do Dhún Aonghasa féin. The site marks the entry point to the reserved pedestrian route. Tá sé sin ciliméadar amháin ón suíomh ársa é féin. Mar is eol do chách, seasann an suíomh sin ar an aill álainn sin, ag féachaint amach ar an bhfarraige. Tá Dún Aonghasa 3,000 bliana d'aois. Is é an dún is mó agus is tábhachtaí ar an gcósta Atlantaigh. Taispeánann an dún stair sheandálaíochta an tréimhse réamhstairiúil. Tagann na struchtúir is luaithe ó 1,100 RCh. Bhí 144,000 cuairteoir ann in 2023. Is méadú mór é sin ó 2021 agus 2022. Tá an t-ionad cuairteora oscailte thar na blianta. Gan dabht, uaireanta bíonn sé dúnta de bharr na haimsire. Aontaím leis an Teachta. Caithfear dul chun cinn a dhéanamh ar na háiseanna atá ann ag an ionad. Mar fhreagra air seo, tá maoiniú faighte ag an OPW ó Fáilte Ireland do na hoibreacha caipitil atá de dhíth. Mar is eol dúinn, tá togra ar an suíomh faoi láthair. Tá súil againn go gcríochnófar é sin roimh dheireadh Mí an Mheithimh 2025. The project will be delivered as part of the OPW, Department of Housing, Local Government and Heritage and Fáilte Ireland capital investment programme. Rinneadh tograí eile sa bhealach seo, mar shampla, an t-ionad cuairteora ar na Blascaodaí agus an ceann ar na Céide Fields i gContae Mhaigh Eo. I will stop doing the live translation because I am not trained in it.
No comments