Dáil debates

Thursday, 7 November 2024

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Ionaid Oidhreachta

9:10 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tuigim é sin. Ní raibh aon choinne agam gur an tAire Stáit a bheadh ann. Ní raibh a fhios agam gur mar sin a bheadh. Mar is eol dó, tá na dúnta ar na hOileáin Árann cáiliúil. Tá siad ar Inis Oírr, Inis Meáin agus Inis Mór. Tá go leor acu ann ach is é an ceann is cáiliúla ná Dún Aonghasa. Tá sé os cionn 3,000 bliain d'aois. Is áit an-ársa ar fad é. Tagann na mílte turasóirí as chuile chearn den domhan. Má théann tú go dtí an céibh i gCill Rónáin, feiceann tú daoine ón tSeapáin, ó Mheiriceá, ó chuile thír san Eoraip agus mar sin de. Tá Dún Aonghasa tábhachtach ní hamháin go náisiúnta, ach go hidirnáisiúnta. Tá sé thar a bheith tábhachtach i gceantar an iarthair ó thaobh na turasóireachta de. Ar ndóigh, tá go leor daoine ag brath ar Dhún Aonghasa mar shlí bheatha ar an oileán leis na busanna, na capaill agus carranna agus mar sin de. Tá an dún mar a bhí riamh. Fág mar sin é. Tá Cill Mhuirbhigh cúpla míle siar ó Chill Rónáin agus, i gCill Mhuirbhigh, bíonn tranglam tráchta chuile lá. Níl áiseanna páirceála ag Oifig na nOibreacha Poiblí ann don dún. Bíonn idir bhusanna, dhaoine a bhíonn ag siúl, dhaoine a bhíonn ar na rothair, na capaill agus trapanna agus dhaoine a thagann i gcarranna, daoine as an áit nó atá ag obair ann agus mar sin de, ann. Bíonn siad ar fad trína chéile. Níl sé sábháilte. Is fada atáimid ag caint air seo ach is beag atá déanta. Ní mór tuilleadh talún a fháil agus carrchlós ceart a thógáil chun go bhféadfaí cionroinnt a dhéanamh idir na haicmí éagsúla, na rothair, na capaill, na busanna agus na carranna, chun go mbeadh gach duine sábháilte. Tá gá le háiseanna níos fearr freisin. Ba cheart breathnú air seo mar rud náisiúnta. Tá geallúintí faighte thar na blianta. Mar sin, bheadh súil agam go mbeidh sé scríofa san fhreagra atá ag an Aire Stáit go ndéanfar rud éigin faoin gceist seo, go bhfuil sé idir lámha go gníomhach faoi dheireadh agus go gcuirfear deireadh leis an scannal agus contúirt atá ann ar an láthair seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.