Dáil debates
Thursday, 19 September 2024
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
An Ghaeltacht
9:00 am
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Táim an-eolach faoi na dúshláin atá ann do dhaoine áitiúla i gceantair Gaeltachta tithíocht a chur ar fáil agus a fháil ar phraghas réasúnta. Seo dúshlán atá níos leithne ná an Ghaeltacht féin ar ndóigh agus tá an Rialtas seo an-ghníomhach sa réimse seo, mar is léir ó líon na dtithe atá á thógáil anois ar fud na tíre. Tógadh beagnach 33,000 teach in Éirinn anuraidh, an líon is mó le 15 bliana. Cheana féin in 2024, tá tús curtha le beagnach 34,000 teach sa chéad sé mhí den bhliain. Ach go háirithe ó thaobh na Gaeltachta de, tá Bille um Údarás na Gaeltachta á leasú os comhair Tithe an Oireachtais. Táim ag súil le céim ón gcoiste go luath agus tabharfaidh sé seo cumhachtaí nua don Údarás talamh a chur ar fáil le haghaidh tithíocht i gceantair Gaeltachta. Ó thaobh lóistín turasóireacht gearrthéarmach de, cuirfidh an Bille um Ligean Gearrthéarmach agus Turasóireacht bonn reachtúil ar chóras nua clárúcháin le haghaidh ligintí gearrthéarmacha in Éirinn. Tá sé i gceist ag an Aire Martin scéim ghinearálta an Bhille seo a chur os comhair an Rialtas go luath. Ní dhéanfaidh an Bille seo aon athrú ar na riachtanais pleanáil atá ann cheana féin le haghaidh ligintí gearrthéarmacha atá ag feidhmiú in Éirinn, ach cabhróidh sé le húdaráis áitiúla na riachtanais phleanála atá ann cheana a chur i bhfeidhm ar bhonn níos éifeachtaí. Cabhróidh an Bille le soiléireacht a thabhairt faoin gcuid is mó de thionscal na turasóireachta agus chun a chinntiú go bhfuil sé ag feidhmiú ar bhonn inbhuanaithe. Creidim go mbeidh sé seo ina chabhair sa Ghaeltacht go fadtéarmach.
Ó thaobh na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht de, tá mo Roinn ag obair go dlúth leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus tá súil agam go gcuirfidh an Roinn sin dréacht treoirlínte ar fáil in am trátha mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí.
No comments