Dáil debates
Thursday, 19 September 2024
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
An Ghaeltacht
9:00 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Níl a fhios agam an bhfaca sé an clár Níl Aon Tinteán ag TG4 an oíche faoi dheireadh, a tharraing aird ar an drochthionchar atá ag an méadú ar lóistín turasóireachta gearrthéarmach agus leithéid Airbnb, ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. N’fheadar ar labhair sé leis an Aire Tithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis an gheallúint ar thug seisean go mbeidh na treoirlínte pleanála foilsithe aige gan mhoill. Gealladh an méid sin in 2021. Tá breis ama imithe ó shin agus tá gá le ráiteas maidir leis seo.
No comments