Dáil debates
Thursday, 11 July 2024
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Second Stage
4:20 pm
Thomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhí páirteach sa díospóireacht. Tá mé buíoch do na Teachtaí uilig a tháinig isteach agus a phlé an Bille agus a thug tuairimí dom maidir leis. Tá brón orm go raibh deifir an tseachtain seo, ach bhí deifir toisc go raibh mé ag iarraidh go mbeadh an Bille os comhair na Dála. Mo bhuíochas leo siúd ar fhreastail ar an briefing a bhí ar siúl ar an Luan. Ní raibh a fhios agam nach raibh leagan Gaeilge den briefing note. Tá mé chun ceisteanna a chur maidir leis sin. Ba cheart go mbeadh gach rud ag teacht amach trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, ní amháin as Roinn na Gaeltachta ach ón Rialtas leis. Tarlaíonn sé sin san Aontas Eorpach gan aon deacracht ar chor ar bith. Beidh an Teachta Aodhán Ó Ríordáin ag dul chuig an mBruiséil agus beidh gach rud ar fáil trí Ghaeilge dó más mian leis é. Ba cheart go mbeadh a leithéad ar fáil againn freisin.
Léirigh go leor Teachtaí suim sna forálacha maidir le cúrsaí tithíochta. Tá sé sin an-tábhachtach. Mar a dúirt mé, tá céim beag ach céim suntasach tógtha agam ina leith sin. Ba mhaith liom níos mó a dhéanamh, ach nílim ag iarraidh moill a chur ar an mBille. Tá na coistí réigiúnda luaite ag a lán daoine agus tá siad tábhachtach. Tá siad chun aitheantas a thabhairt do gach cairn den tír. Tá deacrachtaí leis an scoilt tíreolaíochta atá iontu, ach caithfimid déileáil leis sin.
Bhí roinnt Teachtaí ar nós an Leas-Cheann Comhairle ag labhairt faoi chomhionannas inscne, atá fíor thábhachtach dúinne. Beimid ábalta sin a dhéanamh mar aon le reáchtáil na toghcháin freisin. Aontaím leis an Teachta Ó Cuív agus le daoine eile: caithfimid tábhacht an daonlathais mar bhunphrionsabal sa tír seo a phlé. Beidh tuairimí difriúla ag gach duine agus tá a fhios agam go bhfuil moltaí ag an gcoiste. Tá moltaí daoine eile ag teacht chugam an t-am ar fad, ach táimid ag iarraidh an Bille is fearr gur féidir linn a bheith againn san am atá fágtha.
Sílim go bhfuil sé tábhachtach anois go mbainim féin agus m’oifigigh úsáid as an am atá againn i rith an tsamhraidh le machnamh a dhéanamh ar gach rud atá cloiste againn anseo inniu. Tiocfaidh mise ar ais chuig an Teach agus chuig an gCoiste san fhómhair le haghaidh níos mó plé agus tá súil agam le leasuithe uaim féin. Beidh leasuithe ag an Teach seo agus beidh mé ag plé na leasuithe sin sna coistí. Is féidir liom machnamh a dhéanamh ar na freagraí a bheidh ag teastáil ón gcoiste freisin, uaidh na ceisteanna a cuireadh inniu.
Tá ceisteanna tábhachtacha curtha ag gach duine anseo agus tá mé ag súil le bheith ag obair i dteannta an choiste ar Chéim an Choiste ar mhaithe leis an mBille a aontú agus a bheith inghlactha do gach éinne. Ní bheidh gach duine sásta le gach rud a bheidh ann, ní bheidh mise sásta le gach rud a bheidh ann, ach táimid go léir chun teacht le chéile agus ár dtuairimí féin a chur ann. Beidh mise oscailte maidir leis na leasuithe a thagann os mo chomhair agus tá súil agam go mbeidh gach duine eile oscailte freisin. Thar gach rud eile áfach, caithfimid aontú ar Bhille a dhéanann freastal cuí ar riachtanais phobal na Gaeltachta agus ar riachtanais na Gaeilge í féin.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Teach as an tacaíocht leanúnach a thug sé do oifigigh mo Roinne le linn an phróisis seo agus tá a fhios agam go bhfuil caidreamh maith ag na Teachtaí Dála leis na hoifigigh atá ann. Tá an-obair déanta acu, agus caithfidh mé é sin a rá, chun an Bille seo a chur i gcrích. Nuair a tháinig mé isteach an chéad lá, dúirt mé gurb é seo an rud is tábhachtaí sna na seachtainí a bhí romhainn agus do ghlac siad leis sin.
Tá an t-ádh linn go bhfuil an dea thoil i leith na Gaeilge le feiceáil i dTithe an Oireachtais agus aontaím leis an Teachta Catherine Connolly go raibh sé tábhachtach daoine eile a chloisteáil agus iad ag úsáid na Gaeilge inniu, nach n-úsáideann í i gcónaí. Is féidir an dea-thoil sin a fheiceáil sa phobal i gcoitinne. Feicfidh na feisirí Eorpacha an dea-thoil sin san Eoraip chomh maith.
Teastaíonn reachtaíocht uainn a chabhróidh linn an Ghaeilge a chur chun cinn sna ceantair Gaeltachta agus chun guth an phobail a thabhairt ar ais do bhord Údarás na Gaeltachta. Bhí an ceart ag an Teachta Ó Cuív. Nuair a thagann daoine uaidh na toghcháin, bíonn siad ag iarraidh jab iontach a dhéanamh agus dul ar ais go dtí an phobal agus a rá go bhfuil rud déanta acu. Tá an jab le déanamh acu.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na baill atá ansin faoi láthair. Nílimid ag reachtaíocht anseo toisc go raibh fadhb ag na daoine atá ar an mbord nó go bhfuil deacracht againne leo, ach an bunphrionsabal atá i gceist ná an daonlathas a thabhairt ar ais. Bhíomar mar pháirtí in aghaidh seo go huile is go hiomlán nuair a tháinig an t-athrú isteach in 2012. Is cúis bróid dom é a bheith anseo agus an dara céim a chur faoi bhráid na Dála agus an daonlathas a chur ar ais sa phróiseas. Bunphrionsabal dúinn ná an daonlathas a chaomhnú. Mar a dúirt an Teachtas Ó Cuív, tá an daonlathas beagnach saor in aisce i ndáiríre.
No comments