Dáil debates

Thursday, 11 July 2024

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Second Stage

 

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím go mór roimh an mBille seo. Níl a fhios agam cén fáth ar cuireadh deireadh leis an mbord tofa. Bhí sé ag feidhmiú, bhí sé gníomhach agus bhí spéis ag an bpobal san údarás. Molaim an obair a rinne an tAire Airgeadais, an Teachta Chambers, nuair a bhí sé mar Aire Stáit ag tionscnamh an Bhille seo agus ag déanamh an staidéir toisc gur gealladh i gclár an Rialtais go dtabharfaidh ar ais na toghcháin don údarás. Níl an Teachta Byrne i bhfad in oifig agus tá an Bille foilsithe. Cinnte dearfach, caithfimid déanamh cinnte go dtiocfaidh sé tríd an Dáil agus an Seanad i rith théarma na Dála seo. Chuige sin, titeann dualgas orainn mar choiste déileáil leis seo go críochnúil agus go sciobtha nuair a thiocfaidh sé go Céim an Choiste agus gan aon mhoill a dhéanamh.

Nuair a d'imigh an bord tofa, d'imigh an ceangal a bhí idir an pobal agus an t-údarás. Chomh maith leis sin, bheinn chomh dána lena rá gur imigh cuid den splanc agus den nuálaíocht a bhí san údarás uaidh freisin. De réir a bheith tofa, bíonn tiomantas ag baint le daoine tofa mar a thuigfeadh an tAire Stáit mar dhuine tofa é féin. Teastaíonn an fuinneamh sin ón údarás. Chomh maith leis sin, fáiltím go mór roimh an méid a dúirt an tAire Stáit faoina bheith oscailte do leasuithe.

Tá roinnt rudaí beaga gur mhaith liom a lua go sonrach. Bhí mé an-sásta go deo nuair a chonaic mé go bhfuil Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh in aon cheantar pleanála teanga amháin agus in aon toghcheantar amháin. Ar ndóigh, caithfimid faomhadh a fháil sa mhí atá romhainn ó mhuintir Thuar Mhic Éadaigh gur fearr mar sin é. Mar dhuine atá ina chónaí sa gceantar, is dóigh liom gur mó i bhfad an luí atá ag muintir Thuar Mhic Éadaigh le Dúiche Sheoigheach, a bhfuil teorantach leo - is é an t-aon Ghaeltacht amháin a théann thar teorann contae, aisteach go leor - ná mar atá acu le hIorras, atá i bhfad uathu, uair go leith ar an mbóthar. Fáiltím roimhe sin.

Fáiltím roimh an riachtanas go mbeidh Gaeilge ag baill an bhoird uilig agus go mbeidh Gaeilge ag na daoine ar fad a bheidh ag na boird réigiúnacha ar fad. Tá sé sin mar riachtanas. Tugaim rud amháin faoi deara faoi na coistí réigiúnacha. Níl aon chead acu níos mó tograí beaga a cheadú. Roimhe seo, bhí siad in ann tograí beaga a cheadú le go bhféadfadh an bord díriú isteach ar na tograí móra. Is fiú breathnú air sin arís.

Tá ceist amháin agus moladh amháin agam don Aire Stáit. Ar an gcoiste réigiúnach ó thuaidh, tá ionadaithe ainmnithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Contae Mhaigh Eo. Ar an gceann sa lár, tá ionadaithe ainmnithe ó Chomhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Contae na Mí. Níl éinne ainmnithe as Contae Mhaigh Eo do cheantar Thuar Mhic Éadaigh. Bheadh sé an-éasca é sin a leigheas. Tá duine ar an gceann sa deisceart ó Ghaeltachtaí Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge. Mar sin, beidh an ceann sa lár ar an aon cheann amháin ina bhfuil ceantar nach bhfuil ionadaí ón gcomhairle contae ar a bhord réigiúnach. Ba cheart déileáil leis sin i leasú.

Fáiltím roimh an méid atá ann faoi thithíocht ach ceapaim go bhfuil sé an-teoranta. Go deimhin féin, nuair a bhí cur i láthair á dhéanamh do na Baill Oireachtais Dé Luain seo caite, d'iarr mé go leagfaí amach an cúlra. Caithfear a chuimhneamh go raibh Acht in 1979 agus Acht a thóg mé féin isteach ag deireadh na nóchaidí nó ag tús na deich mbliana dar gcionn. Ansin, bhí Acht na Gaeltachta, 2012, a chur deireadh leis an mbord tofa. Tá roinnt léamh le déanamh agam go ceann míosa. Táim ag ceapadh go bhfuil roinnt léamh le déanamh ag chuile dhuine le fáil amach céard iad na cumhachtaí, na feidhmeanna agus na haidhmeanna atá ag an údarás go baileach, is é sin, céard is féidir leo a dhéanamh agus céard nach féidir. An féidir comhdhlúthú a dhéanamh ar an méid atá sna trí phíosa reachtaíochta agus páipéar beag a chur ar fáil dúinn le go dtuigfeadh muid féin agus gach duine eile go soiléir céard is féidir a dhéanamh?

Ag breathnú ar an moladh atá curtha faoinár mbráid, táim thar a bheith sásta go bhfuil sé ann mar tá an plé tosaithe ach is dóigh liom go gcaithfimid foirfiú a dhéanamh air seo. Is féidir talamh a dhíol ach abair go raibh ceithre acra talún le díol agus go raibh píosa amháin ag comharsa béal dorais. An bhféadfaidh an t-údarás é sin a cheannach agus é a dhíol le haghaidh tithíochta? Ní deireann an Bille tada maidir le talamh a cheannach. Ní réiteoimid é sin inniu ach an bhféadfaidh an tAire Stáit a rá linn i bpáipéar simplí céard is féidir leis an údarás a dhéanamh, céard iad na feidhmeanna atá acu agus céard iad na cumhachtaí atá acu le talamh a cheannach agus a dhíol? Is dóigh liom go gcuideodh é sin linn uilig le plé foirfe a bheith againn sa gcoiste.

Tá ceist amháin eile agam. Deirtear in Acht 1979 go bhfuil cead ag an údarás infheistiú i gcomhlachtaí agus comhlachtaí a bhunú le rudaí a dhéanamh. Is ceann de na ceisteanna atá agam ná an bhféadfaidh an t-údarás AHB Gaeltachta a bhunú agus a bheith páirteach ann? Mura mbeidh deis acu a leithéid a dhéanamh, bheadh faitíos orm faoin toradh a bheadh air seo. Mar shampla, níl a fhios agam an mbeadh na comhlachtaí móra nó AHBs seo ag teacht isteach chun na Gaeltachta. An mbeadh an tuiscint acu ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta? Dá mbeadh sé rite ag dreamanna beaga deonacha, an mbeadh an téagar agus na hacmhainní cuí, idir acmhainní daonna agus acmhainní airgid, iontu? Mar sin, is dóigh liom go bhfuil gá le tuilleadh plé phraiticiúil air seo le go mbainfimid amach an sprioc ar fad atáimid ag iarraidh a bhaint amach. Is dóigh liom gurb é an rud atáimid ag iarraidh a bhaint amach ná go mbeidh tithe sóisialta, tithe inacmhainne agus tithe eile ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht, go mórmhór sna Gaeltachtaí sin ina bhfuil sé deacair cead pleanála a fháil i láthair na huaire.

Chomh maith leis sin, d'ardaigh duine éigin ceist liom agus is dóigh liom gur ceist féaráilte í. An bhfuil sé soiléir go bhfuil cumhacht ag an údarás maidir le talamh a cheannach agus a dhíol, agus gníomhachtaí eile agus comhlachtaí a chur ar bun maidir le cúrsaí cultúrtha agus sóisialta? Ní fhéadfainn an cheist sin a fhreagairt inniu. Níl a dhóthain taighde déanta agam uirthi. Is mian liom go mbeidh deis againn í sin a fhiosrú as seo go gceann dhá mhí. Tá dhá mhí againn - glacaim leis nach mbeidh an coiste ag suí go dtí Meán Fómhair - leis seo a phlé.

Bhí nós amháin agam mar Aire nuair a bhí triúir le hainmniú agam. Is é sin an méid. Beidh an-spraoi ag an Aire Stáit le hais mar a bhí agam. Go minic, is crá croí a bhíonn ann go deimhin leis na ceapacháin seo. Bhí riail pearsanta agam go gceapfaí duine a raibh cónaí air nó uirthi ar oileán i gcónaí. Bhí breith ar m’aiféala, déanta na fírinne, nár scríobh mé sa reachtaíocht é. Deirtear cén fáth na hoileáin nuair atá cásanna le déanamh d’Uíbh Ráthach, Acaill, Fánaid, Gleann Cholm Cille agus do chuile mhionGhaeltacht atá ann agus tá go leor acu ann. Mar shampla, i gContae an Aire Stáit, is é sin, Contae na Mí, tá dhá Ghaeltacht ann, Baile Ghib agus Ráth Chairn, atá scoite óna chéile agus nach bhfuil an oiread sin cumarsáide eatarthu. B’fhéidir go bhfuil sí feabhsaithe ó shin. Cé go bhfuil an Ghaeilge níos láidre i Ráth Chairn, de réir mar a thuigim, tá an daonra níos láidre i mBaile Ghib. Is fadhb eile í sin.

Réitíonn an coinníoll seo maidir le Gaeilgeoirí, nó daoine le Gaeilge líofa, a bheith ar an mbord cuid den chontúirt sin a bhí ag éirí ach ní réitíonn sé an fhadhb ar fad. Mar sin, an smaoineodh an tAire Stáit, an Teachta Byrne, ar fhoráil a chur san Acht go gcaithfidh duine de na daoine ainmnithe a bheith ina bhuanchónaí ar oileán? Ní gá gur as an oileán é nó í. Cén fáth gur cheart go mbeadh a leithéid d'fhoráil ann? Ar an gcéad dul síos, in ainneoin go bhfuil na hoileáin an-scaipthe, trí Chomhdháil Oileáin na hÉireann níl mórán dreamanna eile sa tír go bhfuil an oiread sin comhoibrithe eatarthu. Chomh maith leis sin, tá na hoileáin neamhghnách sa mhéid is go bhfuil dhá thrian de dhaonra na n-oileán ina gcónaí sa Ghaeltacht. Thóg mé faoi deara thar na blianta agus mé ag dul chuig na cruinnithe chinn bliana, gurb iad na hoileáin an t-aon áit amháin ina bhfaca mé daoine go coinsiasach ag úsáid chóras aistriúcháin, leis an Ghaeilge in uachtar ach cead ag na daoine gurb as na hoileán ach taobh amuigh den Ghaeltacht Béarla a labhairt. Bhain siad úsáid as an deis sin. D’oibrigh sé thar a bheith go maith. Mar sin, cé go bhfuil siad scaipthe, is pobal faoi leith iad le fadhbanna faoi leith acu. D’oibrigh sé go maith go raibh guth láidir acu ag bord an údaráis. Níl aon bhealach faoin spéir go bhféadfaí duine a thoghadh d’Oileán Chléire nó d'Oileán Thoraí. D'fhéadfaí duine a thoghadh as oileáin Thír Chonaill, ach tá sé i bhfad róchasta é sin a dhéanamh.

Nuair a bhí muid ag plé an Bhille an lá faoi dheireadh, luadh go bhféadfadh Comhairle Contae Chiarraí duine a ainmniú as Uíbh Ráthach le bheith ar an mbord. Go teoiriciúil, tá sé sin fíor ach, go praiticiúil, is ar éigean go dtarlódh sé. Is mó seans i bhfad go mbeidh ar a laghad Gaeilgeoir amháin, muna mbeidh beirt nó triúir, tofa i dtoghcheantar an Daingin. Níl aon oiread cinnteachta ag dul ar aghaidh go mbeadh aon Ghaeilgeoir tofa i dtoghcheantar Chathair Saibhín agus cuirfeadh sé sin an plean in aimhréidh. Go deimhin, nuair a chuir mise an dara duine i gCiarraí, bhí súil agam gur duine as tuaisceart Chiarraí agus duine agus deisceart Chiarraí a bheadh ann ach níor tharla sé riamh. Tagann muintir Chorca Dhuibhne chun tosaigh i gcónaí agus ní ghéilleann siad mórán an-éasca, mar is eol dúinn uilig.

Tá dhá cheist eile is mian liom a phlé. Ní aontaím le daoine gur cheart go mbeadh toghcháin do bhaill an údaráis ar an lá céanna le haon toghchán eile. Tá dearcadh an-láidir agam go ginearálta maidir le cúrsaí daonlathais. Feicim go bhfuil daoine ag rá go mb’fhéidir go mbeidh an iomarca Comhaltaí Dála ann amach anseo. Bhuel, má théitear chuig an bpobal, déarfaidh an pobal nach féidir leis a dhóthain den daonlathas a fháil. Bhí daoine ag ceapadh nach raibh aon ghá le Seanad Éireann agus fuair siad freagra. Dá gceapfadh muintir Dhúiche Sheoigheach go bhféadfadh siad Teachta Dála dá gcuid féin a fháil, thógfadh siad é. Is amhlaidh a bheadh ann in aon áit i gContae na Mí. Tá ionsaí ar an daonlathas go ginearálta. Tá cumhacht á baint uainn an t-am ar fad agus is cumhacht í sin atá á baint ón phobal. Deirtear ansin go bhfuil sé róchostasach. Téigh go haon tír nach bhfuil daonlathas inti agus faigh amach cad is fiú an daonlathas. Dar liom, caithfidh muid, mar dhaoine tofa, seasamh ar son an daonlathais agus a rá go bhfuil an daonlathas thar a bheith saor mar chóras. Tá riocht an Tigh seo saor, tá toghchán an údaráis saor agus tá toghcháin na gcomhairle contae saor. Tá siad an-saor ar fad i gcomparáid leis an rogha eile a bheadh ann, is é sin, go mbeadh deachtóir nó grúpaí nach mbeadh freagrach don phobal i riocht na mbunsheirbhísí sa tír. Ar an ábhar sin, creidim go láidir gur cheart – is nós a bhí ann fad is a bhí mé mar Aire – go mbeadh toghchán an údaráis ar lá faoi leith mar chinnteodh sé sin go mbeadh spéis ag na daoine a thiocfadh ag vótáil san údarás. Chomh maith leis sin, bhí plé sna meáin faoin údarás mar nach raibh aon toghchán eile ar bun. Ní cheanglóinn le haon toghchán eile é agus is é sin mo bharúil pearsanta.

Ceist eile is mian liom a ardú ná ceist na mbailte seirbhísí Gaeltachta. Nuair a foilsíodh an staidéar teangeolaíochta ar an nGaeilge, níor thuig agus ní thuigim fós cad é an ról atá ag baile seirbhíse Gaeltachta. Mar shampla, i gConamara, tá Gaillimh mar bhaile seirbhíse Gaeltachta do dheisceart Chonamara. Má théim ó Chamus go Carna, is é an Clochán an baile seirbhíse Gaeltachta. Is é Conamara an Ghaeltacht is téagartha sa tír; níl aon amhras faoi sin. Is é an t-aon fáth amháin go bhfuil seirbhísí ar an gClochán ná go bhfuil an malartán fostaíochta, mar a bhí fadó, nó an oifig leasú sóisialta, ar an gClochán. Ní théann siad ar scoil ansin mar tá scoil dá gcuid féin acu. Is é an rud a cheap mé i gcónaí agus an rud lena raibh mé ag troid - go mórmhór i gcomhthéacs Tír Chonaill agus Conamara, áiteanna ina bhfuil Gaeltachta móra - ná go mbeadh lárionad seirbhísí trí Ghaeilge lonnaithe i gceartlár na Gaeltachta. I gConamara, bheadh sé sin áit éigin thart ar Chasla nó ar An gCeathrú Rua. I dTír Chonaill, bheadh sé thart ar Ghaoth Dobhair.

Ba cheart leasú a chur ar an mBille seo. Deir sé go gcaithfidh 1,000 duine a bhí ina gcónaí i mbaile seirbhísí Gaeltachta. Tá sé thar a bheith intuigthe, má thuigeann daoine an Ghaeltacht, nach bhfuil bailte, mar atá i gcodanna eile den domhan, láidre Gaeltachta ann. Is iad na bailte atá láidir ó thaobh daonra de sna Gaeltachtaí na cinn atá lag ó thaobh na Gaeilge de. Ag an am céanna, i gceantar An Cheathrú Rua, tá an oiread de dhaonra ann is atá ar an gClochán. Tá an oiread de dhaonra ann ach tá sé níos scaipthe thart ar 3 nó 4 míle timpeall. Ní raibh sé de nós ag na Gaeil fadó a bheith ina gcónaí i sráidbhailte. Go deimhin féin, bhí mé éisteacht leis an raidió lá amháin nuair a bhí siad ag déanamh cur síos ar na Meánaoiseanna agus luadh staidéar iontach a raibh déanta maidir leis na Gaeil agus na Normannaigh lártíre áit éigin - i gCeatharlach, b’fhéidir. Dúradh go raibh na seanGhaeil scaipthe faoin tuath, mar atá muintir na Gaeltachta ina gcónaí go traidisiúnta, agus bhí na daoine nua seo, na Normannaigh, ina gcónaí i mbailte. Nuair a tháinig an Black Death, mar a thugtar air, go dtí na ceantair, is mó i bhfad an dream a bhí istigh sna bailte a mharaigh sé ná an dream amuigh faoin tuath.

B'fhéidir go bhfuil sé níos sláintiúla dúinne cloí leis an rud a bhí againne riamh.

An rud atá mé ag moladh nó go ndéanfar an leasú beag air seo. Deireann sé 1,000. Táim ag moladh go ndéanfar leasú le go bhféadfaí leithéid an Ceathrú Rua go Conamara a ainmniú mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, le go gcuirfí na seirbhísí nach bhfuil ann, ann. Cheana féin, tá teach altranais ansin, tá briogáid dóiteáin ann, tá otharcharr ann agus tá tá oifig ag an gcomhairle contae ann. Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ann agus níl mórán bailte go bhfuil a leithéid d’ollscoil ann. Tá nach mór an rud céanna i nGaoth Dobhair. Cén fáth nach láidríonn muid iad sin seachas bheith ag ligean orainn féin go bhfuilimid chun baile Gaelach a dhéanamh mar shampla de Chlochán? Nílim in aghaidh plean teanga a bheith ag an gClochán, bíodh sé acu. Ní gá é a bhaint uathu, fág acu é, ach ba cheart go mbeadh polasaí dearfach againn leis na bailte áirithe sin a Ghaelú. Tá sé i bhfad níos éasca an Ghaeilge a choiméad mar theanga cumarsáide laethúil in áit go bhfuil an Ghaeilge láidir cheana féin, le hais mar atá sé in áit go bhfuil an Ghaeilge lag, nó nach raibh sé ann le 100 bliain nó níos mó.

Fágfaidh mé mar sin é. Tá fáilte roimh an mBille. Beidh leasuithe ar a bheidh mise ag breathnú orthu teoranta taobh istigh den Bhille. Glacaim leis go bhfuil muid ar fad ag obair taobh istigh de chreatlach an Bhille seo go agus gur ar an mbunús sin go mbeimid ábalta bogadh ar aghaidh agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil an Bille seo achtaithe go hiomlán agus i bhfeidhm roimh dheireadh téarma an Rialtais. Le cúnamh Dé, beidh na toghcháin ann roimh dheireadh téarma an Rialtais seo i Mí Feabhra seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.