Dáil debates

Thursday, 11 July 2024

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Second Stage

 

3:30 pm

Photo of Ruairí Ó MurchúRuairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source

Guím ádh mór ar achan duine agus chífidh mé iad tar éis an samhraidh. Is dócha go mbeimid i lár an catha faoin am sin, ach anois táimid ag déileáil leis an mBille seo. Táimid sásta go bhfuil an Bille seo ag teacht os comhair an Tí. Tá sé ag tarlúint de bharr an bhrú ón phobal, ó Shinn Féin agus ó pholaiteoirí eile, agus is maith sin. Tá cuid mhór fadhbanna againn i dtaobh an Bhille seo maidir leis an daonlathas agus maidir le cúrsaí tithíochta. Rinne an coiste Gaeilge cuid mhór grinnscrúdú réamhreachtach ar an mBille seo agus bhí 22 moladh ag na baill. Glacadh le dhá cheann de na moltaí sin, is iad sin, moladh 6, go mbeadh an caighdeán Gaeilge á léiriú de réir an fráma tagartha comónta Eorpach - rud atá go maith - agus moladh 14, go dtógfar an comharba as liosta ionadaíochta tar éis do bhall éirí as.

Glacadh le giota beag de dhá mholadh eile. Bhí an coiste ag lorg trí coiste cúige agus mhol sé go dtiocfadh na trí choiste cúige sin le chéile ar a laghad dhá uair sa bhliain, ach an rud a tharla ná go bhfuil Maigh Eo curtha le Dún na nGall seachas Gaillimh agus nach bhfuil fhoráil faoi choiste straitéiseach náisiúnta.

Moladh eile a rinne an chomhchoiste ná go mbeadh na feidhmeanna cuí ag Údarás na Gaeltachta ionas go mbeadh sé in ann tabhairt faoina chuid oibre go héifeachtach faoi réimsí lena n-airítear talamh a ligean amach ar léas do thithíocht agus ar mhaithe le athnuachan a dhéanamh ar chórais reatha uisce agus séarachais, nó chun bonneagair eile a thógáil.

Beidh cead talún a dhíol - is é sin atá ag tarlúint - ach ní bheidh cead é a ligean amach ar cíos ar son tithíochta amháin. Mar sin, tá cuid mhór fadhbanna maidir leis sin. Bhí 18 moladh nár glacadh leo ar chor ar bith. Níl go leor ama dul tríothu ar fad. Is dócha go bhfuil cuid mhór ama fágtha chun leasuithe a dhéanamh. Tá neart ama fágtha chun déileáil leis seo. Beimid ag breathnú air seo. Táimid go léir ag iarraidh go mbeidh an t-údarás curtha i bhfeidhm agus go dtarlóidh na toghcháin. Bhí cuid mhór daoine ag iarraidh go mbeadh achan duine ar an mbord tofa ach níl sin ag tarlúint. Seisear a mbeidh ainmnithe ag an Aire. Tá a lán daoine a bhfuil fadhb acu leis seo. Nílimid sásta leis ar chor ar bith. Tá seans ann é seo a athrú. Caithfidh seo tarlúint. Tá a lán daoine, agus Sinn Féin sa áireamh, nach bhfuil sásta leis seo ar chor ar bith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.