Dáil debates

Thursday, 11 July 2024

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Second Stage

 

3:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Luaigh an tAire Stáit an dea-thoil atá ann i leith na Gaeilge agus tá an ceart aige. Maidir leis an reachtaíocht seo, táimid ar fad ar bís go mbeidh sé foilsithe agus go mbeimid ag bogadh ar aghaidh, tar éis dúinn déileáil leis an dréacht an bhliain seo caite. Rinne and choiste cinntí agus do chuireamar moltaí chun tosaigh maidir leis an reachtaíocht a bhí le teacht. Tiocfaidh mé ar ais chuige sin ach ní leor dea thoil, tá gá le gníomh agus tá gá le maoiniú. Tá gá le treoir nó stiúradh agus is minic a bhíonn sé sin in easnamh. Sa chéad dul síos, cén fáth go bhfuil Údarás na Gaeltachta ann? Ní raibh an stiúradh sin ar fáil. Bhí muintir na Gaeltachta dearmadta ag an Stáit i mórán bealaí. Nuair a bhunaíodh Údarás na Gaeltachta b’admháil a bhí ann ón Stát go raibh tar éis teipeadh orthu tionsclaíocht nó postanna a mhealladh chuig ceantracha iargúlta an iarthar agus na ceantair Gaeltachta Baile Ghib, Ráth Chairn agus An Rinn ach go háirithe.

Bhí siad ag admháil ag an am go raibh teip ar na comhairlí áitiúla nó na comhlachtaí Stáit déileáil leis na ceantair. Ón am sin ar aghaidh tá fás tar éis teacht, mar a luaigh an Aire, ar fheidhmeanna an údaráis. Ní díreach ag cothú fostaíochta sna ceantair Gaeltachta atá siad, ach ag díriú isteach ar phleanáil teanga. Is athrú mór atá ansin a thugann loighic go leanfaidh an t-údarás ar an bhfód. Ní raibh aon loighic ann nuair a scriosadh na toghcháin in 2012. Bhí an toghchán deireanach ag bord Údarás na Gaeltachta in 2005. In 2012 d'éirigh le Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre fáil réidh leis na toghcháin in ainneoin go raibh muinín ag an bpobal as an mbord. Bhí muinín acu astu siúd a bhí tofa acu, astu siúd a bhí ar an mbord ag ardu ceisteanna áitiúla. Measaim gur céim ar chúl a bhí ansin. Chuaigh mé ina choinne ag an am ach níor tugadh éisteacht dom ná do phobal na Gaeltachta. Táim tar éis iarracht a dhéanamh ó shin cinnte a dhéanamh de go mbeidh na toghcháin ar ais arís agus tá an cuma ar chúrsaí go mbeidh siad. Tiocfaidh mé ar ais chuige seo mar nílimid ag dul fada go leor sa Bhille seo, i mo thuairim féin. Tá sé go maith go bhfuil sé ar an gclár polaitiúil agus go bhfuilimid, don chuid is mó, sásta tacú leis na toghcháin sin teacht ar ais le go mbeidh an guth sin ann arís agus nach mbeidh an t-údarás ag brath go hiomlán ar ainmniúchán ón Aire agus na comhairlí contae. Tá sé go maith go bhfuil toghchán ag teacht agus beimid ag déileáil leis na sonraí ag staid an choiste nuair a dhéanfaidh mé iarracht moladh a thabhairt don Aire a phort a athrú le go mbeidh bord níos mó ann, seachas an bord beag atá ann faoi láthair, bord a bheadh iomlán tofa agus dá réir sin go mbeadh níos mó tairbhe ann, ach go háirithe má táimid ag bogadh i dtreo níos mó cumhachtaí agus níos mó feidhmeanna a thabhairt dó mar atá sa reachtaíocht seo.

Tá sé leagtha síos sa chéad áit go mbeidh ról éigin ag an údarás i gceist na tithíochta. Is rud maith é sin agus arís, tiocfaidh mé ar ais chuige sin. Sa chéad dul síos, mar gheall ar an tslí a caitheadh le ceantair Gaeltachta agus le Gaeilgeoirí i gcoitinne sa Stát, ach go háirithe ó na 1950idí ar aghaidh, bhí ar ghluaiseacht cearta shibhialta na Gaeltachta a bheith bunaithe. Bhí orthu bheith de shíor ag ágóidíocht, ag lorg cearta a bhí ar fáil sa chuid eile den tír. Bhí dainséar ann nach mbeadh éinne faoi bhun 70 nó 80 ag cónaí i gceantair Gaeltachta toisc go raibh an mbánú ag tarlúint chomh fairsing sin. Bhí an dream óg ar fad ag dul ar imirce toisc nach raibh aon phostanna ann agus nach raibh todhchaí ann. Tá an sórt rud céanna ag tarlúint anois. Tá go leor clainne agus daoine óga ag féachaint ar an todhchaí agus tá siad den tuairim go bhfuil sé níos deacra orthu fanacht i gceantair Gaeltachta toisc nach bhfuil tithíocht ar fáil dóibh. Ní hamháin nach féidir leo a chinn féin a thógáil nó a cheannach, ach níl siad ar fáil ar cíos ar bhonn bliantúil.

Tá géarchéim ann. Tá a fhios agam go bhfuil géarchéim tithíochta timpeall na tíre uilig, ach is géarchéim é seo atá ag cothú dainséar don bhunchloch teangeolaíochta atá i gceantair Gaeltachta. Seoid atá anseo agus tá dainséar ann go ndéanfar dochar dó agus go n-imeoidh sé as riocht ina iomlán, mura seasann muid isteach. Is féidir linn cás eisceachtúil a dhéanamh de seo agus tithíocht agus cumhachtaí breise a thabhairt do na hinstitiúid seo, le déanamh cinnte go bhfuil siad in ann cuidiú leis an bhfeidhm atá acu maidir le teangeolaíocht.

Is gá dóibh na clainne agus na lánúin óga a choimeád sna ceantair agus iad a bheith lonnaithe sna ceantair. Tá mise den tuairim gur chóir go mbeadh níos mó cumhachtaí ag an údarás, ní hamháin ó thaobh pleanáil tionsclaíochta ach freisin ó thaobh pleanáil tithíochta. Ba cheart go mbeadh ciste ar leith ag an údarás chun díriú isteach ar fadhbanna infreastruchtúir maidir le hoibrithe séarachais, uisce nó bóithre. Ba cheart go mbeadh an udarás in ann cuidiú leo siúd atá ag lorg cead pleanála. Ba chóir go mbeadh ciste ar fáil don údarás ionas go bhfuil sé in ann tithe a cheannach; sé sin, más rud é go bhfuil tithe ar díol. Sa chuid is mó, is tithe samhraidh iad na tithe atá ar díol i gceantair Gaeltachta agus ceannaíonn daoine nach bhfuil cónaí orthu sa cheantar iad tar éis dóibh dul in iomaíocht le teaghlaigh ón cheantar sin.

Tá sé sin ag tiomáint suas an phraghas atá ar na tithe sna ceantair sin. Níl aon eagras Stáit ag seasamh isteach chun na ceantair sin a chosaint. Ba cheart dúinn cuidiú leo tríd na tithe seo a cheannach agus ansin iad a chur ar léas nó ar cíos, nó iad a dhíol leis an ngnáthphobal. Nuair is féidir leis an ngnáthphobal lonnú sna ceantair Gaeltachta agus páistí a thógáil iontu, cuidíonn sé leis an eacnamaíocht áitiúil agus leis an teangeolaíocht. Chomh maith leis sin, cuidíonn sé le déanamh cinnte de go bhfuil fostaithe ann amach anseo sna cheantair áitiúla. Nuair atá an t-údarás ag mealladh chomhlachtaí isteach nó ag tabhairt spáis do comhlachtaí áitiúla - mar a dhéantar sa Gteic, áit a bhfuil rudaí maithe ag tarlú - tugann sé deiseanna do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus atá sásta a bheith fostaithe sa cheantar.

Ba chóir go mbeadh muid ag féachaint an féidir linn AHB, nó bord ceadaithe tithíochta, a dhéanamh den údarás ionas go mbeadh sé in ann smacht a choimeád ar tithe a bheadh ar cíos nó ar léas aige. Ní hamháin go mbeadh an t-údarás in ann talamh a dhíol, mar atá leagtha amach sa reachtaíocht seo, ach ba cheart go mbeadh sé a in ann talamh a cheannach freisin. Níor ghá go mbeadh a lán den talamh atá ag an údarás in oiriúint d’eastáit thithíochta nó do thithe aonair. Go minic, is suíomhanna iad a cheannaigh nó a fuair an t-údarás ar bhonn tionsclaíochta. Tá ról ann dó ina mbeadh sé in ann seasamh isteach nuair is gá chun talamh a cheannach. Níl sé seo á dhéanamh ag na húdaráis áitiúla faoi láthair. Níl siad ag glacadh na céime tosaigh sin ar chóir dóibh a bheith ag déanamh ar aon chaoi. Caithfidh muid déileáil leis sin amach anseo ionas go mbeidh ról ag na comhairlí contae. I gceantair Gaeltachta, ba chóir go mbeadh an ról sin níos mó lonnaithe san údarás ná sna comhairlí contae. Tá na comhairlí contae tar éis loic ar an bpobal Gaeltachta den chuid is mó.

Mar Chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, dhírigh mé isteach ar an mBille seo nuair a bhí sé ina dréacht ar an gcéad dul síos. Rinne na comhaltaí ar fad ar an gcoiste sin roinnt moltaí a chur faoi bhráid an Aire Stáit, ach níl a lán de na moltaí comhlíonta sa reachtaíocht seo. Is féidir le haon Aire é sin a dhéanamh; is féidir leis nó léi neamhaird a dhéanamh ar na moltaí. Is é an fáth go ndearna muid na moltaí sin ná go rabhamar ag iarraidh a chinntiú go mbeadh an Bille is láidre ab' fhéidir ag teacht amach as an gcóras seo. Aithním go bhfuil an tAire Stáit tar éis a rá go bhfuil sé sásta éisteacht a thabhairt dúinn ar Chéim an Choiste. Is féidir linn a chinntiú ar Chéim an Choiste go mbeidh an t-údarás chomh láidir agus is féidir maidir le feidhmeanna nua agus go mbeidh na toghcháin ann chomh luath agus is féidir. Más féidir in aon chor na toghcháin a beith ceangailte le toghchán eile, beidh an daonlathas ar bharr a réime arís maidir leis an údarás agus na cinntí a bheidh ar an údarás glacadh amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.