Dáil debates

Thursday, 11 July 2024

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Second Stage

 

2:50 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Táim ag smaoineamh ar na hiarrthóirí a bheidh ag iarraidh dul san iomaíocht. Leanfaidh mé ar aghaidh. Beidh gach duine den triúr comhalta tofa den údarás do réigiún an deiscirt ar choiste an réigiúin sin, mar aon le comhalta amháin ó Chomhairle Contae Chiarraí, comhalta amháin ó Chomhairle Contae Chorcaí agus comhalta amháin ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, arís ar comhaltaí iad go léir ar gá gur toghadh iad chun an údaráis áitiúil i dtoghlimistéar ina bhfuil ceantar Gaeltachta.

I gcás nach mbeidh aon duine tofa chun údaráis áitiúil i dtoghlimistéar ina bhfuil ceantar Gaeltachta, féadfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann duine a ainmniú nach comhalta den údarás áitiúil sin é nó í, ach ar duine é nó í a mheasfaidh an t-údarás áitiúil a bheith oiriúnach chun ionadaíocht a dhéanamh di ar an gcoiste réigiúnach. Beidh cónaí ar an duine sin i gceantar Gaeltachta atá laistigh de dhlínse an údaráis áitiúil lena mbaineann.

Tá i gceist go mbuailfidh gach coiste réigiúnach le grúpaí pleanála teanga ina réigiúin Ghaeltachta dhá uair sa bhliain ar a laghad agus go dtabharfaidh coistí réigiúnacha tuarascáil don údarás tar éis gach cruinnithe d'fhonn cuidiú leis an údarás lena chuid oibre. Tá súil agam go gcinnteoidh an cur chuige nua maidir le ceapadh an bhoird mar aon leis na bearta nua a bhaineann leis na coistí réigiúnacha ionadaíocht dhaonlathach iomlán agus rannpháirtíocht iomlán na bpobal Gaeltachta i gcúrsaí a bhaineann leis an údarás. Is í an aidhm thosaigh sa chlár Rialtas agus an chúis is mó atá mé ag tabhairt faoin leasú reachtaíochta seo ná an sprioc sin a bhaint amach.

Chomh maith leis na hathruithe seo, déanfar alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, a leasú chun cead a thabhairt don údarás talamh a dhiúscairt chun críche tithíochta. Thug dréachtú na reachtaíochta seo mar a bhaineann sé le leasú ar phróiseas ceapacháin an bhoird deis uathúil dom cuid den phríomh-Acht a leasú ina leith seo. Cé nach príomhaidhm na reachtaíochta é seo, is leasú tábhachtach é mar sin féin. Tuigim cé chomh práinneach is atá ceist na tithíochta ar fud na tíre. Cloisim ó dhaoine nuair a thugaim cuairt ar cheantair Ghaeltachta cé chomh deacair is atá sé orthu tithe a fháil le ceannach nó ar cíos. Ag cur san áireamh go dteastaíonn daoine uainn chun pobail na Gaeltachta mar aon leis an teanga a choinneáil beo, forálann an Bille seo freisin do bheart tithíochta a bhfuil súil agam a thacóidh sé le forbairt tithíochta i gceantair Ghaeltachta. Más féidir liom níos mó a bhaint amach ina leith seo de réir mar a leanann an próiseas reachtach ar aghaidh sa Dáil agus sa Seanad, déanfaidh mé mo dhícheall éisteacht leis na Baill agus é sin a dhéanamh. Tá sé seo tábhachtach. Ag an am céanna, táim ag iarraidh an Bille seo a chur tríd an Dáil agus tríd an Seanad chomh luath agus is féidir. Níl mé ag iarraidh moill a chur air.

Chun críoch na dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta, beidh sé riachtanach roinnt leasuithe teicniúla a dhéanamh ar an Acht Toghcháin, 1992, ar an Acht Toghcháin, 1997, agus ar an Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997. Tá plé ag dul ar aghaidh chomh maith leis an Roinn Dlí agus Cirt i gcomhar leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí chun leasú a dhéanamh ar an Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Táim dóchasach go mbeidh an leasú sin aontaithe faoi Chéim an Choiste.

Mar a bhaineann le hAcht na Gaeltachta, 2012, bhí dhá chuspóir go príomha a bhí ann lena achtú deich mbliana ó shin. Ar cheann de na cuspóirí sin bhí bunús reachtúil a thabhairt do phróiseas pleanála teanga, cuspóir a bhfuil tagairt déanta agam dó, ar mhaithe le tacú tuilleadh leis an nGaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht. Mar atá luaite agam cheana, ba é an dara cuspóir leasú a dhéanamh ar an gcaoi a roghnaítear comhaltaí bhord an údaráis chomh maith le leasú a dhéanamh ar chomhdhéanamh an bhoird ó thaobh an líon comhaltaí a bheadh air.

Maidir leis an bpleanáil teanga, tá sé mar aidhm ag an bhforáil ilghnéitheach atá sa Bhille leasú a dhéanamh ar Acht na Gaeltachta, 2012, chun ligean do bhailte atá gar do limistéir phleanála teanga Ghaeltachta a bheith ainmnithe mar bhailte seirbhíse Gaeltachta. Is éard atá i gceist leis na bailte seirbhíse Gaeltachta ná bailte atá suite i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na pobail sna limistéir sin. Faoin Acht, caithfidh daonra de 1,000 duine ar a laghad a bheith i mbaile de réir an daonáirimh is déanaí chun gur féidir é a áireamh mar bhaile seirbhíse Gaeltachta.

Faoin Acht, tá Údarás na Gaeltachta freagrach as tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna bailte seirbhíse Gaeltachta atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Is é Foras na Gaeilge atá freagrach dóibh siúd atá lasmuigh den Ghaeltacht. Den 16 baile seirbhíse Gaeltachta, tá naoi gcinn ceadaithe go dtí seo. Is iad sin Leitir Ceanainn, an Clochán Liath, Caisleán an Bharraigh, cathair na Gaillimhe, Daingean Uí Chúis, Trá Lí, Cathair Saidhbhín, Dún Garbhán agus an Clochán.

Tá foráil sa Bhille seo chun alt 9 d'Acht na Gaeltachta, 2012, a leasú a fhorálann go bhféadfaidh an tAire, le hordú, baile sonraithe a ainmniú mar bhaile seirbhíse Gaeltachta ina bhfuil an baile lena mbaineann suite i limistéar pleanála teanga Gaeltachta nó in aice leis. Tar éis próisis chomhairliúcháin phoiblí, ba léir go raibh deacracht le foclaíocht an ailt seo sa mhéid is nach raibh gach baile a ainmníodh cóngarach den Ghaeltacht ná laistigh den Ghaeltacht. Chun an deacracht seo a shárú, tá sé beartaithe Acht na Gaeltachta, 2012, a leasú ionas go bhféadfaí bailte laistigh de 30 km ó limistéar pleanála teanga Gaeltachta a chuimsiú.

Tá foráil sa Bhille freisin maidir le leasú teicniúil a dhéanamh ar Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021. Le halt 13 den Bhille seo, leasófaí Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, trí alt breise a chur isteach faoi alt 19A. Baineann alt 19A leis an gcóras nua caighdeáin teanga a thabhairt isteach in áit chóras reatha na scéimeanna teanga. Faoi Alt 20(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá feidhm le tabhairt do gach alt den Acht sin roimh dheireadh 2024, alt 17 san áireamh.

Faoi alt 20(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá feidhm le tabhairt do gach alt den Acht sin roimh dheireadh 2024, alt 17 san áireamh. Le feidhmiú alt 17, beidh na hailt a bhaineann leis na scéimeanna teanga sa phríomh-Acht, ailt 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17 agus 18, le haisghairm. Mar atá faoi láthair, áfach, feictear go bhféadfadh an méid seo iarmhairt neamhbheartaithe a bheith aige, sin é go rachadh scéimeanna teanga comhlachta phoiblí as feidhm sula mbeadh caighdeáin teanga forordaithe dóibh, rud a d'fhágfadh go bhféadfadh bearna mhí-bhunreachtúil a bheith ann sa leibhéal seirbhíse reatha trí Ghaeilge, ar gá a chur ar fáil. Chun é seo a sheachaint, tá mé ag moladh go gcuirfí alt breise isteach san Acht a chinnteoidh go leanfaidh scéim teanga de bheith i bhfeidhm i gcás í a bheith forordaithe, go dtí go bhforordófar caighdeán teanga. Cinnteoidh sé seo go leanfaidh comhlacht poiblí, a bhfuil scéim teanga reatha aige, ag cur seirbhísí poiblí Gaeilge ar fáil ar an leibhéal reatha ar a laghad. Tá an t-alt nua seo, 19AA, le teacht i bhfeidhm go huathoibríoch, ar thosach feidhme alt 17 d'Acht 2021.

Tá tabhairt isteach na gcaighdeán teanga le déanamh ar bhonn céimneach agus é i gceist go bhféadfar caighdeáin éagsúla a leagan síos do chomhlachtaí poiblí agus-nó d'aicmí comhlachtaí poiblí éagsúla. Faoin Acht, tá próisis chomhairliúcháin ar leith le tabhairt faoi ina leith seo, lena n-áirítear comhairle a fháil ón gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bhfuil sé d'fheidhm aige seirbhísí a aithint chun críche na gcaighdeán teanga tríd an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. Is fiú dom a lua go bhfuil sé beartaithe an chéad phróiseas comhairliúcháin don chéad aicme de chomhlachtaí poiblí a reáchtáil san fhómhar agus an plean náisiúnta faofa ag an Rialtas agus foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinnse a phlé. Cuireadh an plean náisiúnta sin faoi mo bhráid ag an gcoiste comhairleach ar an 19 Meitheamh 2024, i gcomhréir leis an spriocdháta a leagadh síos san Acht.

Ag an bpointe seo, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Teach seo as an tacaíocht leanúnach a thug sé d'oifigigh mo Roinne le linn an phróisis seo. Tá fhios orm go raibh deifir ar an mBille agus nár fhoilsíodh é go an tseachtain seo, ach bhí mé ag iarraidh an Bille a chur faoi bhráid na Dála roimh an sos agus sin an fáth gur chuireadh faoi bhur mbráid ar an Luan é. Táimid buíoch do na Teachtaí a bhain úsáid as an t-eolas sin. Tá an t-ádh orainn go bhfuil dea-thoil i leith na Gaeilge le feiceáil sa phobal i gcoitinne. Is cuid riachtanach d'oidhreacht bheo an Stáit í an Ghaeilge agus is acmhainn nádúrtha thábhachtach sa Ghaeltacht í. Teastaíonn reachtaíocht uainn a chabhraíonn linn an Ghaeilge a chur chun cinn sna ceantair Gaeltachta, ach chomh maith leis sin le guth an phobail a thabhairt do bhord Údarás na Gaeltachta agus clár Rialtais a chur i bhfeidhm maidir leis an rud seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.