Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:50 pm

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí a ghlac páirt sa díospóireacht. Is mian liom freagra a thabhairt ar pointe nó dhó.

Ar an gcéad dul sios, beidh mo Roinn ag cur thart ar €500,000 breise ar fáil i mbliana ar mhaithe le scoláireachtaí breise a chur ar fáil do dhaltaí scoil a fhreastalaíonn ar na cúrsaí samhraidh atá fíorthábhachtach do na ceantair Ghaeltachta.

Luaigh na Teachtaí Doherty agus Connolly cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht. Bhí cruinniú ag oifigigh mo Roinne leis an ngrúpa Bánú le déanaí chun an cheist seo a phlé. Tá mo Roinn ag fiosrú roinnt nithe a d'ardaigh an grúpa sin léi. Chomh maith leis sin, tá mo chuid oifigigh ag obair lena gcomhghleacaithe ón Roinn tithíochta faoi láthair - gabhaim buíochas leo - maidir leis na treoirlínte pleanála Gaeltachta a chur le chéile. Ar ndóigh, tá Údarás na Gaeltachta ag breathnú ar fhéidearthachtaí do shuíomhanna a chur ar fáil do thithíocht inacmhainne sa Ghaeltacht.

Chuir an Teachta Nolan agus go leor cainteoirí eile ceisteanna orm maidir le cúrsaí oideachais. Tá a fhios agam go bhfuil an Roinn Oideachais ag obair ar pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair agus bheinn ag súil go dtiocfaidh feabhas ar rudaí nuair a bheidh an polasaí foilsithe.

Luaigh an Teachta Ó Snodaigh na mná tí. Maidir le hairgead na mban tí, beidh áthas ar na Teachtaí a chloisteáil go bhfuil mo chuid oifigeach ag déanamh mionscrúdú ar an gcóras riarachán faoi láthair chun feabhas a chur air i rith an tsamhraidh seo chugainn. Tá sé sin fíorthábhachtach.

Tá obair an-tábhachtach curtha i gcrích ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le mo Roinn, chun saol phobal na Gaeltachta a fheabhsú agus chun an Ghaeltacht a chosaint agus a fhorbairt. Mar a dúirt an Teachta Connolly, d'éirigh leis an údarás 1,075 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2023, rud a d'fhág go raibh 9,526 post i gcliantchomhlachtaí an údaráis faoi dheireadh 2023.

Tá na coláistí samhraidh mar chuid lárnach de shaol na gceantar Ghaeltachta. Le tacaíocht mo Roinne trí bheartais ar nós an deontas tosaithe ar luach €6,000 é, agus le hardú beagnach 20% sa deontas laethúil go €12 in aghaidh na hoíche, chomh maith le comhoibriú na hearnála, tá dul chun cinn dearfach tagtha ar chóras na gcoláistí. Léirigh figiúirí an tsamhraidh seo caite go raibh beagnach an líon céanna scoláirí ag filleadh ar an nGaeltacht is a d'fhreastail ar chúrsaí roimh Covid-19. Chun a chinntiú go mbeidh níos mó daoine óga in ann teacht ar na cúrsaí seo, cuireann an Roinn maoiniú €400,000 ar fáil don scéim scoláireachta DEIS Gaeltachta. Cuireann mo Roinn tacaíocht ar fáil chomh maith trí scéimeanna eile ar nós Árainn Gaeltachta agus Erasmus Gaeltachta.

I réimse eile den oideachas, rinneadh infheistíocht shuntasach i mbliana i scéim Ghaelbhratach de chuid Ghael Linn, le breis is €2 milliún in imeacht trí bliana ceadaithe ag mo Roinn don scéim thábhachtach sin. Tá mo Roinn ag leanúint ar aghaidh freisin ag tacú le cláracha ar nós Kinia agus TechSpace. Tá ag éirí go han-mhaith leis an obair sin maidir leis an oideachas a chuimsiú chun saol na teicneolaíochta agus an réimse digiteach a thabhairt isteach sa seomra ranga.

Tacaíonn mo Roinn leis an eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta, a chuireann an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhísí luathbhlianta a chur ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht agus a chuireann seirbhísí do thuismitheoirí, do choistí agus do phobal na Gaeltachta ar fáil freisin.

Scéim fíorthábhachtach de chuid mo Roinne is ea scéim na gcúntóirí teanga. Is scéim í seo a thacaíonn leis an gcóras oideachais sna scoileanna Gaeltachta agus anois tá an scéim ar bun sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeilge. Beidh suas le 30 scoil bhreise ag baint tairbhe as an scéim sa scoilbhliain seo, 2023-24, agus sa bhliain seo chugainn, 2024-25.

Tá rún daingean ag mo Roinn spásanna a chur ar fáil do dhaoine óga chun dul i ngleic leis an teanga lasmuigh den chóras oideachais. Ar an nóta sin, bhí áthas orm a bheith in ann breis is €600,000 a chur ar fáil le déanaí do Raidió Rí-Rá as seo go ceann trí bliana.

Réimse fíorthábhachtach eile ná an obair le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Bhí áthas orm go raibh mé in ann leithdháileadh breise de €500,000 a chur ar fail i mbliana chun tacú le feidhmiú iomlán Achtanna na dTeangacha Oifigiúla. Leis an maoiniú breise seo, leanfar ag tacú le tionscadail a thagann le cuspóir earcaíochta an Achta, lena n-áirítear Gluaiseacht, seó bóthair de chuid Chonradh na Gaeilge, ar cheadaigh mo Roinn deontas méadaithe dó in 2023.

Ina theannta sin, cheadaigh mo Roinn deontas d'Oireachtas na Gaeilge ionas go mbeidh sé ar chumas na heagraíochta sin gréasáin Ghaeilge a bhunú chun tacú le cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge. Cuideoidh an togra sin le daoine atá ag obair san earnáil phoiblí cheana féin a gcuid Gaeilge a úsáid agus iad i mbun a gcuid oibre.

I measc mórspriocanna eile mo Roinne sna blianta beaga atá amach romhainn, i ndáil leis an bplean forbartha náisiúnta, tá forbairt lárionaid Ghaeilge do phobal na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá mórthogra beartaithe faoina ndéanfar forbairt ar cheannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tá sé i gceist go gcuirfear maoiniú suntasach ar fáil chuige sin sna blianta atá amach romhainn i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí. Cruthóidh a leithéidí seo deiseanna breise do phobal labhartha na Gaeilge í a úsáid mar chuid dá ghnáthsaol.

Tá a lán oibre ar siúl ag mo Roinn. Tá a lán bainte amach ag an Rialtas seo ó thaobh neartú agus buanú na Gaeilge mar theanga phobail. Leanfaimid ag obair agus ag tacú leis an bpobal chun ár spriocanna i leith na teanga a bhaint amach. Tá rún daingean agam féin, ag an Aire, an Teachta Martin, agus an Rialtas trí chéile na gealltanais atá déanta againn i leith fhorbairt agus neartú na Gaeilge a chur i gcrích. Leanfaimid orainn á ndéanamh sin le linn na bliana atá amach romhainn.

Beidh mé in ann freagraí na gceisteanna éagsúla a d'ardaigh na Teachtaí Dála a ghlac páirt sa díospóireacht seo a sheoladh chucu ar ríomhphoist. Gabhaim buíochas arís le gach páirtí agus gach duine a ghlac páirt sa díospóireacht. Aontaím leis an Leas-Cheann Comhairle go mb'fhéidir go mbeidh seans againn amach anseo Dáil dátheangach a bheith againn. Bheinn féin dóchasach faoin moladh sin agus críochnóidh mé ar an ábhar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.