Dáil debates

Wednesday, 6 March 2024

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

 

2:40 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Táim ag tnúth leis an lá nach mbeidh gá le ráitis Ghaeilge, go mbeidh an Ghaeilge fite fuaite i ngach mír de ghnó na Dála agus go mbeidh Dáil dhátheangach nádúrtha againn. Chuige sin, bhí sé de phribhléid agam a bheith mar chathaoirleach ar fhochoiste an bhliain seo caite. Chuir muid le chéile tuarascáil thar a bheith gonta agus gearr. Bhí moltaí praiticiúla ansin ó thaobh líon na gcainteoirí sa Dáil agus ar fud na háite a mhéadú. Faraor, níor tharla aon rud fós. I measc na moltaí praiticiúla bhí, mar shampla, moladh go mbeadh ceist bhreise ar na hAirí gach lá agus í i nGaeilge. Táim ag tnúth leis sin. Bhí moltaí faoi leith ó thaobh daoine a mhealladh chun Gaeilge a fhoghlaim, ina measc, moltaí go mbeadh múinteoirí pearsanta acu agus go gcaithfidís tréimhse sa Ghaeltacht saor in aisce. Is iad sin na moltaí praiticiúla a bhí againn ach níor tháinig siad i bhfeidhm go fóill.

Táim díreach tagtha ón gcoiste Gaeilge. Uaireanta, bím in ísle brí ó thaobh na Gaeilge de ach is tuar dóchais an méid a bhí le cloisteáil agam sa choiste. Bhí daltaí ó cheithre scoil linn: Coláiste Áth a’ Chóiste i gContae Chorcaí; Coláiste Pobail Osraí i gContae Chill Chainnigh; Gaelcholáiste an Chláir i gContae an Chláir; agus Meánscoil Gharman. Bhí togha na Gaeilge acu agus iad i mbun díospóireachta linn ar ábhair atá thar a bheith casta: cúrsaí neodrachta, sochaí uilechuimsitheach agus an bhfeileann an córas oideachais don fheidhm a bhaineann leis. Rith mé amach chun páirt a ghlacadh sna ráitis seo ach beidh mé ag dul ar ais. Is tuar dóchais é gan dabht.

Is tuar dóchais eile agus polasaí dearfach é an polasaí oideachais do na scoileanna Gaeltachta ach, faraor, níl an t-athbhreithniú críochnaithe ag an Roinn Oideachais go fóill. Is rud thar a bheith dearfach é an polasaí ach tá gá le hathbhreithniú chun na torthaí a fheiceáil. Táimid fós ag fanacht ar pholasaí d'oideachas Gaeilge do na scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl sé sin againn fós ach an oiread.

Buíochas le Dia, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) againn. Feicim Aodhán Mac Cormaic ansin. Bhí an Roinn thar a bheith gnóthach leis an bpróiseas sin. Tá an tAcht againn ach táimid anois ag fanacht ar an gcoiste comhairleach agus ar an tuarascáil. Tá gach rud ag fanacht ar an tuarascáil sin. Beidh na moltaí a dhéantar ansin thar a bheith tábhachtach.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, níl a fhios agam cé chomh minic is atá sé ráite agam go bhfuil dualgais ollmhóra ar an údarás, dualgais atá i bhfad níos tromchúisí ná na dualgais atá ar an IDA nó an eagraíocht eile. Tá tríonóid i gceist. Tá oibleagáidí air ó thaobh na teanga de, ó thaobh fostaíochta de agus ó thaobh pobail de.

Ó mo thaithí ag taisteal na tíre leis an gcoiste Gaeilge, agus is é seo mo dhara tréimhse ar an gcoiste, is iad cúrsaí tithíochta agus seirbhísí trí Ghaeilge atá i mbéal an phobail. Táim cinnte go bhfuil an tAire ar an eolas faoin eagraíocht nua, Bánú, atá ar an bhfód anois chun a chur in iúl don Rialtas agus do pholaiteoirí go bhfuil gá práinneach chun déileáil le cúrsaí tithíochta. Tá easpa tithíochta i gceist ar fud na Gaeltachta uilig. Tá moltaí faoi leith ag an ngrúpa. Táim faoi shrianta ama so nílim in ann iad a léamh amach ach seasaim leis an ngrúpa go huile agus go hiomlán maidir leis na héilimh atá aige. Go ginearálta, tá gá le scéim tithíochta agus le treoirlínte. Táimid ag fanacht níos mó ná dhá bhliain le rud bun chomh bunúsach le treoirlínte ó thaobh cúrsaí tithíochta sna Gaeltachtaí, gan trácht ar threoracha ó thaobh cúrsaí tithíochta sna háiteanna faoin tuath.

Ansin, tá easpa bunstruchtúir i gceist. Táimid fós ag fanacht le córas séarachais ar an gCeathrú Rua, i gcroílár na Gaeltachta. Tá séarachas ámh ag dul isteach san uisce. Tá muintir an cheantair ag troid le 20 nó 25 bliain. Ar a laghad, tá ciall anois ceannaithe ag Uisce Éireann agus tá suíomh eile á lorg aige. Chuaigh sé ar aghaidh le suíomh a bhí iomlán mícheart agus anois tá air dul sa treo eile agus suíomh eile a fháil.

Tá cosaint faoi leith ag an nGaeilge. Is í an Ghaeilge teanga na tíre go hoifigiúil. Tá dualgas orainn, gach Roinn agus gach Teachta Dála, beart a dhéanamh de réir ár mbriathar agus tógáil ar an dea-thoil atá ar an talamh ionas go mbeidh Dáil dhátheangach agus seirbhísí trí Ghaeilge againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.