Dáil debates

Thursday, 15 February 2024

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

9:10 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Tá maoiniú dár luach €2 milliún ceadaithe do mo Roinn go dtí seo ó chiste an oileáin chomhroinnte. Tá sé seo dírithe ar thionscadail in earnáil na Gaeilge agus na hUltaise, ar mhaithe le tuiscint níos fearr a chothú ar oidhreacht teanga agus cultúir an oileáin ar fad. Tá an t-allúntas seo ar fáil le caitheamh idir seo agus deireadh na bliana seo chugainn.

Anuas air sin, dár ndóigh, tá soláthar iomlán d’os cionn €18.7 milliún i Meastacháin mo Roinne i mbliana do chomhoibriú trasteorann chun tacú, ach go h-áirithe, le hobair an Fhorais Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin agus chun feasacht agus úsáid níos leithne na hUltaise agus cultúr na hUltaise a chur chun cinn. Agus an cheist seo á plé, is ceart a thabhairt san áireamh nach bhfuil a leithéid de shocrú institiúideach ar fáil in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir. Leanann oifigigh mo Roinne ag plé le grúpaí éagsúla maidir le tograí féideartha atá ag teacht le spriocanna an tionscadail uile-rialtais seo agus a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach le cur faoi bhráid an Rialtais mar chuid de na cinntí faoi chaitheachas faoi chiste an oileáin chomhroinnte. Is í aidhm an oileáin chomhroinnte ná an oiread leas agus is féidir a bhaint as na deiseanna ar fad a eascraíonn as Comhaontú Aoine an Chéasta chun comhoibriú, caidreamh agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán seo chun teacht ar chomhaontú maidir le todhchaí chomhroinnte.

Cheana féin, mar chuid den airgead atá curtha ar fáil ag mo Roinn, tá tacaíocht á cur ar fáil don obair atá ar bun faoi láthair ag Naíscoil na Seolta in oirthear Bhéal Feirste. Tá os cionn €200,000 curtha ar fáil don naíscoil tríd an gciste go dtí seo. Is tionscadal fíorthábhachtach é seo d'fhorbairt na Gaeilge i mBéal Feirste. Leanfaidh mise agus mo Roinn ag plé go dlúth le grúpaí eile a bhfuil ábhair thionscadail ar intinn acu in earnáil na Gaeilge a chuirfeadh le tionscnamh an oileáin chomhroinnte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.