Dáil debates
Thursday, 15 February 2024
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta
9:10 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Sula dtosaím, déanaim pointe ó thaobh prótacal de mar arís tá "and if she will make a statement on the matter" i mBéarla curtha leis na ceisteanna seo. Níl a fhios agam cén fáth é sin. Níl an locht ar an Aire í féin ach tá mé a lua ó thaobh an chórais sa Teach.
Tá mé ag iarraidh ar an Aire freagra a thabhairt ar an scannal atá nochtaithe ag Tuairisc.ieinné, bunaithe ar na freagraí a thug an tAire Stáit dom seachtain ó shin, a léirigh go bhfuil maoiniú ó chiste an oileáin chomhroinnte ag déanamh an éagóir a rinneadh i leith na Gaeilge níos measa.
No comments