Dáil debates

Tuesday, 5 December 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

10:20 pm

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuireadh doiciméad dár dteideal, Scéim Tacaíochta do thuismitheoirí a bhfuil sé i gceist acu a bpaiste/í a thógáil le Gaeilge: Tuairimí Fhóraim Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR, faoi bhráid mo Roinne ag tús mhí na Samhna. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh mo bhuíochas a léiriú le fóram Chois Fharraige um pleanáil teanga as ucht an cháipéis seo a ullmhú agus as ucht obair na bliana atá déanta acu ag cur an phróiseas pleanála teanga chun cinn i gceantar Chois Fharraige.

Ó cuireadh deireadh le scéim labhairt na Gaeilge roinnt blianta ó shin, tá raon leathan de bhearta curtha i bhfeidhm ag mo Roinn faoi scáth an phróisis pleanála teanga a tháinig i bhfeidhm ó shin chun cabhrú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh. San áireamh anseo, ceadaíodh cistíocht shuntasach ar fiú breis agus €1.6 milliún é thar tréimhse trí bliana don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta ó 2021 go 2023. Cuireann an maoiniú seo le cumas Tuismitheoirí na Gaeltachta tacú le tuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh. Tá plé ar siúl leis an eagraíocht maidir le cistíocht do 2024 agus do na blianta ina dhiaidh sin.

I bhfianaise an tábhacht faoi leith a bhaineann le tacú tuilleadh fós le cur chun cinn na teanga ar bhonn teaghlaigh sa Ghaeltacht agus sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga, bhuail feidhmeannaigh mo Roinne le páirtithe leasmhara chun breathnú ar bhearta breise thairis an méid atá ar bun cheana a d'fhéadfaí a chur sa tsiúil chun tacú tuilleadh le cur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal an teaghlaigh. Críochnóidh mé i gceann tamaillín.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.