Dáil debates
Tuesday, 5 December 2023
Ceisteanna Eile - Other Questions
Tourism Promotion
10:20 pm
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source
Tá Údarás na Gaeltachta ag obair go dlúth le Fáilte Éireann, le heagrais forbartha pobail, agus leis an earnáil phríobháideach sa Ghaeltacht chun áiseanna turasóireachta agus ábhair spéise do thurasóirí a chur ar fáil ar fad na Gaeltachta.
Maidir le turasóireacht, is í an fhís atá ag Údarás na Gaeltachta ná fiontraithe, gnóthaí pobalbhunaithe agus na heagrais Stáit a chumasú agus a spreagadh chun táirgí, seirbhísí agus eispéiris turasóireachta a fhorbairt chun freastal ar chuairteoirí agus ar fhiontar idirnáisiúnta. Oibríonn Údarás na Gaeltachta le Fáilte Éireann chun tacú leis ina ról an Ghaeltacht a chur in aithne do dhaoine atá ag gabháil timpeall na tíre. Déanann an t-údarás cumasú freisin ar ghnóthaí turasóireachta a gcuid gnóthaí a chur os comhair an phobail trí tacaíochtaí ar nós na scéim deontais trádáil ar líne. Ina theannta sin tá an údarás ag díriú ar thograí agus ar tháirgí turasóireachta d’ardchaighdeán a fhorbairt le go mbeadh ábhair Ghaeltachta bunaithe ag Fáilte Éireann agus ag Tourism Ireland le bronnadh ar an margadh.
No comments