Dáil debates
Tuesday, 5 December 2023
Ceisteanna Eile - Other Questions
Tourism Promotion
10:20 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire as na freagraí sin, ach go háirithe an ceann maidir le moladh uimh. 4. Bhí a fhios agam go raibh roinnt bogtha ann ach ní tharlaíonn sé chomh minic agus chomh leathan is gur chóir.
Baineann moladh uimh. 12, straitéis turasóireachta don Ghaeltacht, le bheith ag freastal ar an éileamh atá ann do thurasóireacht teangabhunaithe, mar atá ar bun ag músaeim teanga agus litríochta i dtíortha eile agus sna cultúrlainne ó Thuaidh, agus ag déanamh ceiliúradh mar is cóir ar ár gcultúr agus ar ár dteanga náisiúnta. Cad atá an tAire chun a dhéanamh chun cuidiú leis an turasóireacht sin agus chun a dhéanamh cinnte de go mbeidh sé mar chuid den straitéis turasóireachta? Má táimid chun a bheith ag mealladh daoine isteach sa tír, caithimid déanamh cinnte de go bhfuil na háiseanna agus na tacaíochtaí ar fáil do lucht agus do cheantair na Gaeltachta chun déanamh cinnte go bhfuil siad in ann freastal ar an éileamh atá ann agus go bhfuil na hionaid ann chun déileáil leis mar músaem teanga nó litríochta nó a leithéid.
No comments